An difríocht idir athruithe ar: "Aistriúchán"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Cumarsáid scríofa atá san aistriúchán ina dtiontaítear brí téacs as teanga amháin go teanga eile. Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear agus tugtar an sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear. Tugtar aistritheoir ar an duine a dhéanann an t-aistriúchán agus bíonn eolas aige ar dhá theanga, ar a laghad, d'fhonn aistriúchán ar chaint nó ar théacs scríofa a tháirgeadh sa sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn tuiscint mhaith ar an téacs ag teastáil ón aistritheoir, bíonn sé riachtanach go mbeadh sé in ann leagan éifeachtach a chur ar fáil sa sprioctheanga a luíonn le nádúr na teanga sin.