An difríocht idir athruithe ar: "Aistriúchán"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Cumarsáid scríofa atá san '''aistriúchán''' ina dtiontaítear brí téacs as teanga amháin go teanga eile. Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear agus tugtar an sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear. Tugtar aistritheoir ar an duine a dhéanann an t-aistriúchán agus bíonn eolas aige ar dhá theanga, ar a laghad, d'fhonn aistriúchán ar chaint nó ar théacs scríofa a tháirgeadh sa sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn tuiscint mhaith ar an téacs ag teastáil ón aistritheoir, bíonn sé riachtanach go mbeadh sé in ann leagan éifeachtach a chur ar fáil sa sprioctheanga a luíonn le nádúr na teanga sin. Tugtar '''aistriúchán''' ar an bpróiseas ina ndéantar aistriúchán agus ar thoradh an phróisis sin freisin, sé sin an saothar a thagann as.
 
Bíonn an baol i gcónaí ann go gtaḃaɼfaḋ an t-aiſtɼiṫeoiɼ ſtɼuċtúr aguſ naṫanna cainte na teanga foinſe iſteaċ leiſ ſa ſpɼiocṫeanga aguſ é ag aiſtɼiú téacſ, ſé ſin go mbeaḋ traſċuɼ tɼuailliṫe ann. Aɼ an taoḃ eile de, iſ féidiɼ le focail aguſ naṫanna iaſaċta aguſa ċuɼ go móɼ le teanga aɼ biṫ. Daɼ ndóiġ, i gcáſ mionteanga coſúil leiſ an nGaeilge caiṫfeaɼ a ḃeiṫ cúɼamaċ gan an iomaɼca leaganaċa iaſaċta a ligean iẛteaċ aɼ ḟaitíoſ go mbáfaí an teanga aɼ fad i dtuile naṫanna ón mórṫeanga.