An difríocht idir athruithe ar: "TG4"

Content deleted Content added
Hide out of date schedule. Standardise table style.
No edit summary
Líne 10:
líonláithreán = [http://www.tg4.ie TG4.ie, súiomh oifigiúil]<br />[http://www.tg4.tv TG4.tv, sruth beo] |
}}
Is stáisiún [[teilifís]]e [[Éire]]annach é '''TG4''' atá dírithe ar cainteoirí [[Gaeilge]] in Éirinn agus ar fud an domhain ar an idirlín. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar [[Oíche Shamhna]] [[1996]] mar '''Teilifís na Gaeilge''' nó '''TnaG''', ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain [[1999]]. Bhí TG4 faoi stiúir [[RTÉ]] go dtí gur athraigh sé go corparáid neamhspleách poiblí ar an gcéad lá d'Aibreáin [[2007]], tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd i 2001.
 
Cé go raibh an stáisiún cáinte ag daoine áirithe sna meáin Bhéarla ar dtús (mar shampla - bhaist an t-iriseoir Kevin Myers 'Telefís De Lorean' air, ag déanamh tagart don chomhlacht mí-rathúil De Lorean), tiúnann thart ar 730,000 duine isteach gach lá, ag tabhairt croí-lár de lucht féachana 100,000 duine dó, nó 2-3% den lucht féachana iomláin a bhreathnaíonn ar an teilifís in Éirinn. Mar shampla, bíonn an lucht féachana ardaithe go dtí 180,000 nuair a chraoltar [[Peil Ghaelach na mBan]]. I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'[[Aontas Craolacháin na hEorpa]].