An difríocht idir athruithe ar: "Sabhna"

Content deleted Content added
Líne 10:
[[Íomhá:SornsabhnaViki.jpg|thumb||Sorn sabhna de dhéantús an chomhlachta [[Viki-Sauna]] i g[[Kurikka]].]]
 
I sorn atá ceaptha le haghaidh sabhna, tá clocha os cionn na tine nó an téiteora leictrigh. (An focal Fionlainnise a chiallaíonn "sorn sabhna", is é sin, ''kiuas'', i dteanga an lae inniu, chiallaigh sé "carn cloch" fadó, rud atá le haithint ar na logainmneacha i gcónaí.) Is gnách na clocha a théamh go dtí go dtiocfaidh luisne iontu, agus ina dhiaidh sin, is féidir an tine féin a mhúchadh agus sult a bhaint as an teas a fhad is a mhairfidh sé sna clocha. Cuid de na sornóga leictreacha atá in úsáid inniu, áfach, tá siad á dtéamh go leanúnach, i gcruth is nach n-imíonn an luisne sula múchtar an gléas leictreach.
 
Is é an cineál sabhna a bhíodh in úsáid ag muintir na tuaithe fadó ná ''savusauna'', is é sin, sabhna toite. Ní raibh simléar ar bith sna sabhnaí seo, ach ligtí an toit amach trí pholl ar leith, nó ''räppänä''. Théití na clocha roimh an bhfolcadh, agus mhúchtaí an tine sula dtagadh na daoine isteach, lena chinntiú nach dtachtfadh an toit agus an [[aonocsaíd charbóin]] iad. Ina dhiaidh sin féin, tharlaíodh timpistí ó am go ham. Mar sin, cé go samhlaítear rómánsúlacht ar leith leis an ''savusauna'' a bhfuil a bhallaí taobh istigh dubh dorcha le deatach na mblianta, is fearr leis an gcuid is mó de na daoine inniu sabhna simléir nó - go háirithe sna cathracha - sabhna leictreach. Bíonn sornóga leictreacha le haghaidh na sabhnaí á dtáirgiú ag lear mór comhlachtaí san Fhionlainn.