An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáinis Íochtarach"

Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: ksh:Nėederdeutsch (Shprooch) (deleted)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 8:
|iso1=|iso2=nds|iso3=nds
}}
Is téarma é an '''Ghearmáinis Íochtarach''' (Gearmáinis Íochtarach: ''Plattdüütsch'' nó ''Nedderdüütsch''; [[An Ghearmáinis|Gearmáinis]]: ''Plattdeutsch'' nó ''Niederdeutsch'') a chlúdaíonn bunús na gcanúintí Gearmáinice a labhraítear i dTuaisceart na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] agus in Oirthear na h[[An Ísiltír|Ísiltíre]] ''nach'' cuid iad den [[Gearmáinis|Ghearmáinis Chaighdeánach]]. Is cuid iad na canúintí seo den ghrúpa canúintí céanna ina bhfuil canúintí eile na [[An Ghearmáinis|Gearmáinise]], maraon le canúintí na h[[Ollainnis]]e, mar atá canúintí Gearmáinice an Iarthair. Tugtar faoi deara nach canúint na [[Gearmáinis|Gearmáinise]]e í an Ghearmáinis Íochtarach, ach teanga ar leith ina bhfuil iliomad canúintí.
 
== Missingsch ==
Is é atá i gceist le ''Missingsch'' ná Mischsprache, nó teanga mheasctha, a cruthaíodh trí thimpiste nuair a rinne cainteoirí dúchais na Gearmáinise Íochtaraigh iarracht [[Gearmáinis|Ard-Ghearmáinis]] (''Hochdeutsch'', nó Caighdeán Oifigiúil na Gearmáinise) a labhairt.<ref>von Polenz, Peter, ''Deutsche Sprachgeschichte vom Spätmittelalter bis zur Gegenwart, 17. und 18. Jahrhundert'' (imleabhar a dó, 1994)</ref>
Ní hionann Missingsch is gnáthchanúintí Ard-Ghearmáinise Thuaisceart na Gearmáine, áfach. Is iad na sainchomharthaí a dhéanann Missingsch a dheighilt ó na canúintí sin ná
Líne 19:
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar Mhissingsch, is fiú don Ghaeilgeoir breathnú ar thionchar na Gaeilge ar chanúintí [[Béarla]] na hÉireann, nó ar an [[Béarlachas|Bhéarlachas]].
 
=== Leaganacha Mhissingsch ===
* '''Bremer Schnack''', nó '''Bremer Snak''' a labhraítear i m[[Bremen]]<ref>Dünnbier, Ernst B. ''Bremer Schnack. Mal unterkühlt, nie heftig, meist geradeheraus, oft deftig'', Brockkamp Verlag, 1984</ref>
* '''Hamburgisch''', nó '''Hamburger Missingsch''' a labhraítear i mórcheantar [[Hamburg]]. Eisíodh greannán ''Eachtraí Astérix'' as Hamburgisch darb ainm ''Hammonia City'' sa bhliain 2000.<ref>[http://www.asterix-obelix.nl/manylanguages/languages.php?lng=mu38 Suíomh idirlíne Astérix le gaulois]</ref>
* '''Kieler Missingsch''', canúint Jochen Steffen, a labhraítear i g[[Kiel]].
 
== Gramadach ==
=== Ainmfhocail ===
Mar a léiríonn an tábla thíos, níl ach dhá thuiseal sa Ghearmáinis Íochtarach - rud a chuireann go mór leis an difear idir í agus an Ghearmáinis chaighdeánach, ina bhfuil ceithre thuiseal dochta. Is ionann iad an tuiseal áinsíoch agus an tuiseal tabharthach sa Ghearmáinis Íochtarach, mar sin de, níl ann ach dhá thuiseal: An Tuaiseal Ainmneach, agus an Tuiseal Oibiachtúil.<ref>Sick, Bastian, ''Der Dativ ist dem Genitiv sein Tod''</ref>
 
Líne 42:
|}
 
== Litríocht na Gearmáinise Íochtaraigh ==
[[Íomhá:LB1494fieryfurnace.jpg|thumb|280px|right|Pictiúr ón Lübecker Bibel a bhaineann le Dainéil 3:19-23]]
=== Leabharliosta ===
==== Creideamh ====
Cuireadh Gearmáinis Íochtarach ar an [[Bíobla|Bhíobla Críostaí]] den chéad uair sa bhliain [[1494]]. Is é an t-ainm a bhí air ná an ''Lübecker Bibel''. Tá leaganacha éagsúla ar fáil sa lá atá inniu ann agus ainmneacha éagsúla orthu, ina measc: ''De Hillige Schrift'', ''Dat Book'', ''Gott sien Woort'' agus ''De Schrift''.
 
==== Gearrscéalta ====
:* ''Keen Tied, keen Tied!. Plattdeutsche Döntjes'' le Adolf Wohlers
:* ''Platt is nich uncool: Eindeutig-zweideutige plattdeutsche Geschichten'' le Ina Müller
:* ''Vertell doch mal ! De schöönste Dag: 25 Plattdeutsche Geschichten'' le Norddeutscher Rundfunk Schleswig-Holstein
 
==== Leabhair do Pháistí ====
:* ''Grimms Märchen. Plattdüütsch vertellt.'' (Fínscéalta Mhuintir Grimm)
 
==== Saothair Jochen Steffen, ailias Kuddl Schnööf ====
Is sraith leabhar é '''''Kuddl Schnööfs noieste achtersinnige Gedankens un Meinungens''''' a scríobh an polaiteoir [[SPD]] Jochen Steffen sna 1970í. Baineann Steffen úsáid as na carachtair Kuddl is Natalje Schnööf, atá ina ndugairí,<ref>Steffen, Jochen, ''Nu komms du ! Kuddl Schnööfs noie achtersinnige Gedankens un Meinungens'' (Hoffmann und Campe, 1975)</ref> chun aoir shóisialta is pholaitiúil a dhéanamh ar thuairimí an phobail faoi eachtraí móra an lae. Is i gKieler Missingsch (leagan Mhissingsch a labhraítear i g[[Kiel]], [[Schleswig-Holstein|Schleswig-Holstein]]) a scríobhadh an tsraith, agus cuireadh fáilte chomh mhór roimhe gur chinn Steffen seó ceabairé, bunaithe ar na carachtair chéanna, a chur le chéile. Níor bheag an fháilte a cuireadh roimh na seóanna ach an oiread, agus bronnadh an Deutscher Kleinkunstpreis um Cheabairé ar Steffen sa bhliain 1978.<ref>[http://www.unterhaus-mainz.de/ver03/Kleinkunstpreis/K_Ausgezeichnet.php Suíomh idirlíne Unterhaus Mainz]</ref>
 
==== Greannáin ====
Tá roghnú leabhar ''Eachtraí Astérix'' ar fáil sa Ghearmáinis Íochtarach i sraith darb ainm "Astérix snackt Platt!" <ref>[http://www.asterix.com Suíomh idirlíne Astérix le gaulois]</ref>("''Muise, tá Plattdüütsch ag Astérix!''"). I measc a bhfuil ar fáil, tá:
* '''Asterix un de Wikingers''' (''Astérix agus na Lochlannaigh'')
Líne 66:
* '''Över't wiede Water''' (''Ollturas thar na Tonnta Móra'')
 
== Siamsaíocht trí mheán na Gearmáinise Íochtaraigh ==
==== Drámaí ====
* '''Sommervagels sünd free''' (Aistriúchán de ''Butterflies are Free'' le Leonard Gershe)<ref>[http://www.englishtheatre.de/archives/article/butterflies-are-free-by-murray-schisgal/ Suíomh idirlíne an Hamburger English Theatre]</ref>
* '''Romeo un Julia''' le [[William Shakespeare]]<ref>[http://www.renatewedemeyer.de/regieschauspiel.htm Suíomh idirlíne Renate Wedemeyer, aisteoir agus stiúrthóir a oibríonn trí Ghearmáinis Íochtarach]</ref>
 
== Gailearaí ==
Tá an Ghearmáinis Íochtarach go feiceálach in áiteanna poiblí i dTuaisceart na Gearmáine.
<gallery>
Líne 83:
{{reflist}}
{{DEFAULTSORT:Ghearmainis Iochtarach}}
 
[[Catagóir:An Ghearmáin]]
[[Catagóir:Teangacha na hEorpa]]