An difríocht idir athruithe ar: "Ioslam"

Content deleted Content added
m r2.6.3) (róbat ag suimiú: gn:Islã
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 8:
== Ailt Bhunúsacha Chreidimh an Ioslaim ==
 
[[FileÍomhá:Dcp7323-Edirne-Eski Camii Allah green3.svg|180px|thumb|upright|''[[Allah]]'' ciallaíonn [[Dia]] i [[An Araibis|Araibis]]]]
Nocht Dia (Araibis: ''Allah'') A theachtaireacht naofa tríd na fáithe, ar a n-áirítear, [[Ádhamh]], [[Abrahám]], [[Naoi]], [[Maoise]], [[Íosa]] agus [[Muhammad]]. Cuireadh an teachtaireacht seo go díreach isteach sa Chóran, agus mar sin is leabhar iomlán gan bhotún é; de réir an Ioslaim cheartchreidmhigh, is é an Córan friotal Dé a bhí ann roimh an gcruthú féin. Is é an tuairim choitianta i measc na Muslamach gur thruailligh na daoine an teachtaireacht sa [[An Bíobla|Bhíobla]] [[Críostaíocht|Chríostaí]] agus i d[[Tóra]] na n[[Giúdachas|Giúdach]], agus mar sin, gur nochtadh an Córan mar theachtaireacht nua iomlán lánchuimsitheach.
 
Líne 30:
 
== Seicteanna ==
[[FileÍomhá:Islam_by_country.png|thumb|Seicteanna difriúla san Ioslam {{legend|#006600|Sunnachas}} {{legend|#660000|Sítheachas}} {{legend|#000066|Ibāḍiyya}}]]
[[FileÍomhá:Muslims schools.png|thumb|Madhab:</br>Sunnachas: Hanafi, Hanbali, Maliki, Shafi</br>Sítheachas: Ithna'ashaariyya, Zaydi]]
Tá cuid mhaith seicteanna difriúla san Ioslam. Is é an [[Sunnachas]] an tseict is mó; fórmhór Mhuslamaigh an domhain, is Sunnaigh iad. Is é an [[Sítheachas]] an dara leagan is mó den Ioslam, agus é féin deighilte ina sheicteanna éagsúla. Bunús na scoilte, eascraíonn sé as ceart comharbachta an Fháidh Muhammad; de réir na Sítheach, ba chóir ball de theaghlach Muhammad a theacht mar chomharba air. San idirlinn, d'fhorbair difríochtaí suntasacha sna deasghnáthaí idir an Sunnachas agus an Sítheachas freisin, ach aontaíonn an dá dhream ar phríomhcheisteanna an chreidimh. Tá lucht leanúna an tSítheachais ina bhformhór i measc Mhuslamaigh na [[An Liobáin|Liobáine]], na h[[An Iaráic|Iaráice]], na h[[An Iaráin|Iaráine]], agus Bahrain; agus tá mionlaigh thábhachtacha Shítheacha sa [[An Phacastáin|Phacastáin]], in [[Poblacht Éimin|Éimin]] agus sa t[[An tSiria|Siria]] freisin; sna tíortha eile, is iad na Sunnaigh an dream is líonmhaire sa chuid eile den domhan Ioslamach.