An difríocht idir athruithe ar: "Bungaree, Victoria"
Content deleted Content added
m r2.6.5) (róbat ag mionathrú: fr:Bungaree (Australie) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 1:
Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea '''Bungaree'''
Roimh theacht na nEorpach bhí na [[Wathaurong]], pobal Bundúchasach, ina gcónaí sa cheantar.
Ar dtús bhain cuid de bhaile Bungaree le Sír Bungaree agus cuid eile le Sír [[Buninyong, Victoria|Buninyong]]. Roimhe sin thugtaí Badger Hill nó Clarktown ar an gceantar. Fógraíodh Sír Bungaree ar 17 Eanáir 1871, agus sa bhliain 1994 nascadh cuid den tSír le Comhairle Chathrach [[Ballarat]] agus cuid eile le Sír Moorabool.<ref>http://museumvictoria.com.au/collections/themes/2256/municipality-of-bungaree-victoria Museum Victoria: Municipality of Bungaree, Victoria.</ref>
== Na hÉireannaigh ==
Lonnaigh a lán Éireannach sa cheantar, cuid acu ina bhfeirmeoirí agus cuid eile i mbun lománaíochta.
Thagadh feirmeoirí, oibrithe foraoiseachta agus sclábhaithe le chéile Lá Fhéile Stiofáin in Bungaree agus sa bhliain 1885 bhí 4,000 duine ann, ag baint aoibhnis as an iománaíocht, na rásaí agus an tarraingt téide.<ref>[[Val Noone|Noone, Val]] & Doyle, Mary: ‘Black Joe from Bungaree and other timber-getters,’ caint a tugadh sa Mechanics Institute, Ballarat, mar chuid de ''Ballarat Twilight'', sraith cainteanna, ar 21 Iúil 2009.</ref>
Bhí Gaeilge fós i mbéal na seandaoine agus canúint [[Contae an Chláir|Chontae an Chláir]] acu go minic.<ref>Ó bhéaloideas a bhailigh Mary Doyle. Nuair a chruinníodh na daoine sa halla chuirfí na páistí anonn chun na gcomharsan le teachtaireachtaí fonóideacha ar nós
== Oifig an Phoist ==
D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Lúnasa 1863.<ref>https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Premier Postal History: Post Office List.</ref>
== Scolaíocht phoiblí ==
Na nAnglacánaigh ba thúisce a thóg scoil ann sa 19ú haois agus an oiread sin páistí ann nach raibh deis scolaíochta acu. Osclaíodh scoil sa bhliain 1867 (''Common School No. 944'') agus cúig dhalta is tríocha ag dul ann. Faoin mbliain 1877 b’éigean scoil nua chloiche a thógáil, ach bhíodh uimhir na ndaltaí síos agus suas toisc go raibh scoil Chaitliceach ann faoin am sin. Dúnadh an tseanscoil phoiblí sa bhliain 1924 agus scoil bhrící tógtha ina háit, agus bhí prátaí á gcur ar stór ann nó gur tháinig an Bungaree & District Historical Society ina seilbh.
Bhí scoileanna poiblí sa cheantair máguaird á ndúnadh sna nóchaidí, rud a lig do scoil Bungaree méadú. Baineadh feidhm as seomraí inaistrithe, agus seomra san áireamh a d'úsáid na lúthchleasaithe in Olympic Village in Sydney sa bhliain 2000.<ref>http://www.bungareeps.vic.edu.au/text/school_history_ayy4.htm Heather Trigg: ''Bungaree Primary School''.</ref>
== Tagairtí ==
{{reflist}}
== Féach freisin ==
Houghton, Norm, ''Timber and Gold : a history of the sawmills and tramways of the Wombat Forest 1855-1940''. Melbourne: Light Railway Research Society of Australia, 1980.
Líne 33:
Toohey, Jack: ''On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts''. Ballarat 2005.
== Naisc ==
;Bailte i Sír Moorabool, Victoria
* [[Bacchus Marsh, Victoria]]
|