An difríocht idir athruithe ar: "Concord, New Hampshire"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: af, an, ang, ar, ast, bat-smg, be, bg, bi, ca, cs, da, de, el, eo, es, et, eu, fa, fi, fo, fr, fy, gl, he, hr, ht, hu, ia, id, ie, io, it, ja, ka, ko, ku, lmo, lt, lv, mk, mr, mrj, nds, nl, nn, no, oc, pam, pl, pnb, pt,...
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 18:
}}
 
Cathair i lár stát [[New Hampshire]] sna [[Stáit Aontaithe]] é '''Concord'''. Tá an chathair suite ar bhruach na hAbhann Merrimack. Bhí 42,695 duine ina gcónaí in Concord nuair a rinneadh an daonráireamh deireanach sa bhliain 2010. Príomhchathair New Hampshire agus Chontae Merrimack atá ann.
 
== Stair ==
Daoine den phobal bundúchasach Pennacook de chuid na nAbenaki a chónaigh sa cheantar sular tháinig na hEorpaigh. Rinne siad iascaireacht sa Merrimack agus curaíocht. Ba bhealach tábhachtach taistil í an abhainn agus na hIndiaigh ag dul ó [[Loch Winnepesaukee]] sa tuaisceart ó dheas go dtí an cósta [[Atlantach]] agus aneas arís.
 
Chuir coilínigh as Haverhill, [[Massachusetts]] fúthu san áit idir 1725 agus 1727 faoin ainm Plandáil Phenacook (a scríobhadh le n amháin). Cuid de Chúige Bhá Massachusetts ab ea New Hampshire san am úd. Cuireadh bardas ar bun sa bhliain 1734 faoin ainm Rumford. Athbhaisteadh an baile arís mar Concord sa bhliain 1765 mar gheall ar an gcomhaontú (“concord”) idir Rumson agus an baile Bow a shocraigh an teorainn idir an dá bhaile. Cuireadh rialtas an stáit isteach i gConcord sa bhliain 1808.
 
== Geilleagar ==
Sa naoú haois déag bhí clú ar Choncord as an déantús troscáin agus as na cairéil éibhir a bhí ann. Dhéanadh Concord Coaches cóistí sa chathair freisin. Dhéantaí teicstílí sa chuid de Choncord ar a dtugtar Penacook. Ionad réigiúnda iarnród a bhíodh in Concord faoin am sin. Inniu, tá seirbhísí sláinte, árachas, clódóireacht (Concord Litho) agus an rialtas tábhachtach san gheilleagar áitiúil.
 
== Déimeagrafaic ==
Is den chine geal iad 91.8% den daonra, 3.4% de chúlra Áiseach, 2.2% den chine ghorm, agus 1.8% de chine measctha. De réir an daonáirimh sa bhliain 2000, $42,447 an teacht isteach teaghlaigh meánach sa bliain agus $21,976 an teacht isteach per capita sa chathair.
 
== Polaitíocht agus cultúr ==
Tá comhairle baile le 14 ball agus méara a thoghtar gach dara bliain. Is é Jim Bouley (Daonlathach) an méara faoi láthair. Is é ''The Concord Monitor'' an t-aon nuachtán laethúil in Concord. I dteannta na scoileanna poiblí agus seicteacha is gnách, tá St. Paul’s, ardscoil phríobháideach cháiliúil na huasaicme, agus Scoil Dlí Ollscoil New Hampshire.
 
[[Íomhá:Downtownconcordnh.jpg|mion|230px|clé|Lár na cathrach]]
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.concordhistoricalsociety.org/ Concord Historical Society]
* [http://www.concordmonitor.com ''Concord Monitor'']