An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Content deleted Content added
Fix some redlinks (remove others - dupe/disambig)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 33:
Níl an oiread sin iomrá ar na Cosacaigh Polannacha ná ar na Cosacaigh Thataracha, nó ''Nağaybäklär''. "Cosacaigh" (''Kozacy'') a thugtaí ar mharcshlua éadrom de chineál ar leith in Aontas na Polainne is na Liotuáine.
 
== Cosacaigh na hÚcráine ==
 
=== Cosacaigh Zaporizhia ===
 
Chuala an saol iomrá ar Chosacaigh Zaporizhia, nó bhí an-ról acu i ngeopholaitíocht na hEorpa Thoir, agus iad ag comhoibriú leis an stát Polannach-Liotuánach nó ag cur catha air, de réir mar ab áil leo. Bunaíodh an chéad Mharcshlua Cosacach i Zaporizhia sa bhliain 1552, nuair a thóg Dmytro Vyshnevetsky daingean in Oileán Khortytsia in Íochtar [[An Dnípir|na Dnípre]]. Faoi lár na seachtú haoise déag, d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia amach in aghaidh na bPolannach faoi cheannas Bogdan Chmielnicki (nó Bohdan Khmelnytsky), agus de thoradh na ceannairce seo tháinig an chéad stát neamhspleách Cosacach ar an bhfód i Zaporizhia. Ina dhiaidh sin, d'iompaigh an stát seo ina heatmánacht fhéinrialaitheach, stát a thug urraim d'Impire na Rúise, agus é á rialú sách neamhthuilleamach ag an heatmán, is é sin, ceannasaí an mharcshlua. Sa dara leath den ochtú haois déag, scrios na húdaráis Rúiseacha marcshlua Zaporizhia, agus d'aistrigh iarsmaí an mharcshlua go réigiún na Danóibe agus ina dhiaidh sin go dtí an réigiún chois Mhuir Mheoid. I ndiaidh na bliana 1828 bhí an chuid ba mhó de Chosacaigh na Danóibe tar éis socrú síos i réigiúin Chosacacha Kuban agus Mhuir Mheoid. Inniu, ní bhíonn Cosacaigh Kuban admhálach gur Úcránaigh eitneacha iad, ach is féidir a mhaíomh gur canúint de chuid na hÚcráinise a labhraíonn siad, agus is féidir blas na hÚcráine a aithint ar a gcuid béaloidis.
Líne 43:
Sa bhliain 1539 d'iarr an Sabhdán Otamánach ar Vasiliy a Trí, Ard-Phrionsa Mhoscó, bac éigin a chur ar fhoghlacha na gCosacach, ach is é an freagra a fuair sí ná: "Ní mhóidíonn na Cosacaigh mionna dílseachta domsa: a rogha saol a bhíonn acu." Sa bhliain 1549, d'fhreagair Ivan Uafásach, Sár na Rúise, impí den chineál chéanna ón Sabhdán mar seo: "Ní géillsinigh de mo chuid féin iad na Cosacaigh chois Abhainn Don, agus is i nganfhios dom féin a imíonn siad chun cogaidh agus a mhaireann siad sa tsíocháin."
 
=== Cosacaigh in Arm na Polainne-Liotuáine (na Cosacaigh Chláraithe) ===
 
=== Cosacaigh na Danóibe, Cosacaigh Mhuir Mheoid, agus Cosacaigh na Mara Duibhe ===
 
== Cosacaigh na Rúise ==
 
=== Cosacaigh Abhainn Don ===
 
=== Cosacaigh Kuban ===
 
=== Cosacaigh Terek ===
 
=== Cosacaigh na hÚraile ===