An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[FileÍomhá:Dracula1st.jpeg|thumb|upright|Clúdach an chéad eagráin]]
Is úrscéal [[Béarla]] é '''Dracula''' leis an údar Éireannach [[Bram Stoker]] a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain [[1897]]. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an [[béaloideas|bhéaloidis]] Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an [[úrscéal]]. Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann [[Hollywood]] agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é [[Archibald Constable and Co]] an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.
 
== Cúlra ==
 
Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó ''Țara Românească'' sa [[15ú haois]]. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid námhad le cuaillí ar fud na [[An Eoraip|hEorpa]], agus chuala an saol iomrá ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an Rí Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna [[Na Balcáin|Balcáin]] i gcruálacht.
Líne 14:
Cé go bhfuil ''Dracula'' ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille ''Carmilla'' le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh ''Dracula''. Scéal earótach uafáis é ''Carmilla'' a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.
 
== An Scéal ==
 
I dtús an úrscéil tagann an dlíodóir óg Sasanach Seon Ó hEarcair (Jonathan Harker) ar cuairt chuig an gCunta Dracula le cuidiú leis an gCunta aistriú go dtí Sasana agus talamh a cheannach in Exeter. Tá cónaí ar an gCunta i seanchaisleán sa [[an Trasalváin|Trasalváin]], agus é sásta lóistín a thabhairt do Sheon ansin, ach i ndiaidh tamaill faigheann Seon amach go bhfuil sé ina chime sa chaisleán agus go bhfuil vaimpírí ann - triúr vaimpírí ban agus iad ag iarraidh é a chealgadh. Sa deireadh éalaíonn Seon lena anam as an áit.
Líne 24:
Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.
 
== Aistriúcháin go Gaeilge ==
 
Ba é [[An Gúm]] a d'fhoilsigh [[Scéim Aistriúcháin an Ghúim|leagan Gaeilge]] sa bhliain [[1933]], agus ba é [[Seán Ó Cuirrín]], a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain [[1997]], agus ba é [[Maolmhaodhóg Ó Ruairc]] a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach [[Ion Codrescu]] a mhaisigh an leabhar.
Líne 46:
Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain [[1997]] ''Dracula - Eagrán do Dhéagóirí''. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh [[Emmet B. Arrigan]]. Is í a mháthair, [[Mary Arrigan]], a rinne na léaráidí agus [[Gabriel Rosenstock]] a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.
 
[[catagóirCatagóir:Úrscéalta Éireannacha]]
[[catagóirCatagóir:Aistriúcháin]]
 
[[ar:دراكولا (رواية)]]