An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Gramhnaigh"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Íomhá:Eoghan Ó Gramhnaigh.gif|thumb|deas|300px|Eoghan Ó Gramhnaigh]]
Sagart agus scoláire Gaeilge ba ea '''Eoghan Ó Gramhnaigh''' ([[Béarla]]: ''Eugene O'Growney''). Rugadh é ar 25 Lúnasa 1863 ag [[Baile Átha Faithlinn]] i m[[Baile Átha Buí]] i g[[Contae na Mí]] agus cailleadh é ar 18 Deireadh Fómhair 1899 in [[Los Angeles]] i g[[California]].
 
Le Béarla a tógadh é, agus deirtear nach raibh a fhios aige go raibh an Ghaeilge ann nó gur thug mac léinn i gColáiste Naomh Fíonán s[[an Uaimh]] eolas dó fúithi.
 
Chuaigh sé ar Choláiste Naomh Pádraig i [[Maigh Nuad]] sa bhliain 1882, agus lean sé air ag déanamh staidéir ar theanga, ar sheandachtaí agus ar stair na hÉireann. Théadh sé ar saoire sa Ghaeltacht, áit ar fhoghlaim sé conas an teanga a labhairt. Rinneadh sagart de sa bhliain 1888 agus ceapadh é mar shagart cúnta i m[[Baile na Carraige]] i g[[Contae na hIarmhí]]. Sa bhliain 1891 ceapadh é mar Ollamh le Léann Ceilteach i Maigh Nuad, agus timpeall an ama chéanna rinneadh eagarthóir [[Irisleabhar na Gaedhilge]] de, iris a raibh roinnt alt dá chuid foilsithe cheana inti.
 
== ''Simple Lessons'' ==
Líne 12:
Bhí Ó Gramhnaigh ar dhuine den dream a bhunaigh [[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain 1893. Toghadh é mar Leas-Uachtarán an Chonartha toisc é a bheith mór le Dubhghlas de hÍde, agus bhí an post sin aige go dtí lá a bháis. Is é an saothar is mó a tharraing clú air "Simple Lessons in Irish," sraith ceachtanna a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge agus sa Weekly Freeman ar dtús. Ba é an Conradh a chuir na "Simple Lessons" amach ina leabhar sa bhliain 1894. Bhí ráchairt an-mhór air agus díoladh na mílte cóip de.
Sa bhliain 1894, agus an tsláinte ag teip air, thug sé a aghaidh ar [[Arizona]] agus ar Chalifornia, mar a bhfuair sé bás den eitinn in aois a shé bliana is tríocha. Cuireadh é i Reilig Chalvaire os cionn Los Angeles. Sa bhliain 1903 aistríodh a chorp go dtí Maigh Nuad ar chomhairle chraobhacha Meiriceánacha Chumann na Gaeilge agus le cead uachtarán Mhaigh Nuad.
 
== Tagairtí ==