An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Rugadh an Rianach i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. [[Fraincis]], [[Iodáilis]] agus [[Spáinnis]] ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge. A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i [[Maigheann Rátha]].
 
== An Rianach san Astráil ==
 
Mar bhaill de Bhráithre Phádraig a tháinig Eoghan féin agus a dheartháir Bernard chun na hAstráile, agus bhí Eoghan ina mhúinteoir i Maitland agus in Armidale i [[New South Wales]]. D'fhág sé an t-ord agus chuaigh ag obair san ''University College'' i Redfern, Sydney, áit ar thug sé dhá bhliain déag, é ag cur ógánach trí scrúduithe an Mháithreánaigh le haghaidh na hOllscoile nó trí scrúduithe na seirbhíse poiblí. Deirtear gur mhúin sé Gaeilge ann, agus rith sé ranganna don Chonradh. Phós sé ach ní raibh clann aige.