An difríocht idir athruithe ar: "Lal Lal, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Baile beag in [[Victoria]] na hAstráile is ea '''Lal Lal'''. Tá sé le fáil in aice le hiarnród [[Geelong]]-[[Ballarat]]. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 677 duine ann agus ba de shliocht Bundúchasach naonúr acu. Bhí a lán teangacha nár Bhéarla iad á labhairt sa bhaile: [[Gearmáinis]] (6), [[Máltais]] (5), [[Ollainnis]] (5), [[Iodáilis]] (5) agus [[Polainnis]] (4).<ref>http://www.censusdata.abs.gov.au/ABSNavigation/prenav/LocationSearch?collection=Census&period=2006&areacode=SSC25955&producttype=QuickStats&breadcrumb=PL&action=401 Daonáireamh 2006: Lal Lal.</ref>
 
== Stair ==
 
Na [[Wathaurong]], pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa cheantar ar dtús. Rinne teacht na nEorpach díobháil mhór dóibh. Chaill siad a slí mhaireachtála agus ní raibh cosaint acu ar armáin na strainséirí, ar ghalracha nua ná ar an ól. Tá teallaigh dá gcuid le feiceáil sa cheantar fós.
Líne 12:
D'oscail Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1863 agus dhún sa bhliain 1969.<ref>https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= Post Office list: Lal Lal.</ref>
 
== Easanna Lal Lal ==
Cruthaíodh na heasanna de bharr gniomhaíocht bholcánach, agus bhí baint ar leith ag na Wathaurong leo. Tá idir dhamhnú eibhir agus dhamhnú basaltach le fáil ann. Tháinig sruth ann de bharr chreimeadh na carraige agus é ag rith síos chun an Moorabool, agus tá na linnte an-domhain. Roimh chruthú na n-easanna bhí loch ann.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
[http://www.visitmoorabool.com.au/maps/region/region/lal-lal Eolas do thurasóirí]
 
[http://www.lallal.com.au Suíomh an cheantair]
 
== Naisc ==
;Bailte i Sír Moorabool, Victoria
* [[Bacchus Marsh, Victoria]]