An difríocht idir athruithe ar: "Peil Mheiriceánach"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:2006 Pro Bowl tackle.jpg|right|200px|thumb|Cluiche peile: Pro Bowl na bliana 2006]]
Cineál [[spórt|spóirt]] í an '''
Faightear scór nuair a chuireann foireann an liathróid thar an gcúl nó isteach sa limistéar deireanach. Bíonn cead ag na himreoirí an liathróid a iompar, a chaitheamh nó a chiceáil.
Tá an pheil Mheiriceánach i bhfad níos coitianta i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceá]] ná i dtír ar bith eile. Sna Stáit Aontaithe, is í an pheil ghairmiúil agus peil na gcoláistí na saghsanna peile Meiriceánaigh is coitianta. Tá cineál peile le fáil i g[[Ceanada]] atá an-chosúil leis an bpeil Mheiriceánach. ''Peil Cheanadach'' a thugtar ar an spórt sin.
== Cúlra ==
Ó na [[1960]] ar aghaidh, is í an pheil an spórt is mó i SAM. Glacann 32 foireann páirt sa [[National Football League]] (NFL). Is é an [[Super Bowl]] an cluiche ceannais. Eachtra mór agus tábhachtach is ea [[Domhnach an Super Bowl]] i mí [[Eanáir]], nó mí [[Feabhra|Fheabhra]] gach bliain.
Bíonn an cluiche an-choitianta sna coláistí agus na hollscoileanna chomh maith, go háirithe sna h-áiteanna nach bhfuil foireann gairmiúil le fáil. Bíonn foireann peile ag beagnach gach ardscoil sa tír freisin agus tá an-tóir ar an spórt ar an leibhéal seo ina lán áiteanna i lár na tíre.
== Rialacha ==
=== Páirc imeartha agus imreoirí ===
Tugtar "gridiron" ar an bpáirc go minic os rud é go bpéinteáilítear línte uirthi atá cosúil le greille. Is dronuilleog í an pháirc, 110m i bhfad (ó chríochlíne amháin go críochlíne eile) agus 49m i leithead (ó thaobhlíne amháin go dtí an taobhlíne eile). Is ag deireadh na páirce atá an cúl líne, agus ansin an limistéar deireanach, atá 10m i leithead. Is é an limistéar deireanach an áit ina bhfuil na pointí le fáil.
Tá líne ar an talamh tar éis gach cúig shlat, agus tá uimhreacha orthu ón gcúl líne go dtí an líne caoga slat, i lár na páirce. Ag deireadh an chúil, tá dhá chuaille atá 18.5 throigh óna chéile, agus trasnán atá 10 troigh in airde. Déantar pointí nuair a
|