An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

7 bytes removed ,  10 mbliana ó shin
== Na healaíona ==
[[Íomhá:Hiudaibeag.jpg|220px|thumb|Teach tábhairne Hiúdaí Beag, An Bun Beag.]]
Tá aird [[An Domhan|an domhain]] tarraingthe ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomhamhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa [[Skara Brae]] fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (áfaoi stiúradhstiúr ag MáireMháire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (á stiúradhfaoi agstiúr Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.
 
Bíonn ''Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy'' ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó [[Bhéal Feirste]] ó dhúchas, a bhí pósta ar [[Mhairéad Ní Mhaonaigh]] go dtí go bhfuair sé bás le hailse in [[1994]].
Úsáideoir gan ainm