An difríocht idir athruithe ar: "Lúitéitiam"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 13:
Is dual don lúitéitiam smúid ocsaíde a fháil faoi thionchar an aeir, agus má théitear go 150 céim Celsius é, rachaidh sé trí thine le ocsaíd lúitéitiam (III), Lu<sub>2</sub>O<sub>3</sub>, a dhéanamh. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, ionas go nginfear halaiginídí: LuF<sub>3</sub>, LuCl<sub>3</sub>, LuBr<sub>3</sub>, LuI<sub>3</sub>. Tá an iaidíd donn, agus an trí halaiginíd eile bán.
 
== Stair ==
Triúr saineolaithe a rinne fionnachtain an lúitéitiam sa bhliain 1907 beag beann ar a chéile, mar atá, an Francach Georges Urbain, an tOstarach Carl Auer von Weisbach, agus an Meiriceánach Charles James.<ref>http://acswebcontent.acs.org/landmarks/landmarks/rareearth/discovery.html</ref> [[Ceimiceoir]]í a bhí sa bheirt eile, agus Weisbach ina mhianreolaí. Tháinig gach duine acu ar an lúitéitiam mar thruailleán san itéirbia, is é sin, an ocsaíd itéirbiam. Ba é Urbain a bhaist an dúil nua. ''Lutetia'' an seanainm [[Laidin]]e ar [[Páras|Pháras]], príomhchathair na Fraince. Thug Weisbach, nach raibh sásta onóir na fionnachtana a ghéilleadh d'Urbain, caiseoipiam ar an lúitéitiam, agus é ag tagairt don réaltbhuíon úd [[Caiseoipé (réaltbhuíon)|Caiseoipé]]. Bhaineadh saineolaithe Gearmánacha úsáid éigin as an dara hainm sin go dtí na caogaidí, ach inniu, táthar sásta lúitéitiam a thabhairt ar an dúil seo.
 
== Minicíocht gheolaíoch agus táirgíocht ==
Bíonn lúitéitiam ar fáil san áit a bhfuil na tearcithreacha eile, ach tá sé deacair é a aonrú agus a dhealú uathu. Le fírinne níor haonraíodh an miotal glan lúitéitiam ach le déanaí. Mar sin, tá sé ar ceann de na dúile is daoire amuigh. Níl an t-ór féin ach ceithre oiread chomh daor le lúitéitiam.
 
== Úsáid ==
Ní úsáidtear mórán lúitéitiam sa teicneolaíocht, nó ní bhíonn sé praiticiúil, chomh tearc is atá sé. Is féidir, áfach, leas a bhaint as mar chatalaíoch i scoilteadh na móilíní móra sna scaglanna artola. Scéal eile fós gur miosúr ar aois na ndreigítí é an coibhneas idir lúitéitiam a 176 (máthairiseatóp) agus haifniam a 176 (iníoniseatóp).
 
{{Catcómhaoin|Lutetium|Lúitéitiam}}
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}