An difríocht idir athruithe ar: "Parwan, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Ceantar tuaithe in Victoria na h[[An Astráil|Astráile]] is ea '''Parwan'''. Tá an chuid is mó de le fáil laistigh de Shír Moorabool, agus baineann an chuid eile le Sír Melton.
 
== Stair ==
 
Tá ceangal idir stair Parwan, Melton agus Bacchus Marsh agus iad sa chrích ag a chéile. Tá Parwan suite ar an Machaire Thiar, réigiún a bhain leis na [[Wathaurong]], pobal Bundúchasach, roimh theacht na nEorpach. Chruinníodh na Kurung-jang-balluk, fothreibh de na Wathaurong, ag Bacchus Marsh le haghaidh rincí, ach bhí a líon laghdaithe go mór faoi sheascaidí an 19ú haois.<ref>Tá cuntas ar na Bundúchasaigh mar a bhí siad i ndaichidí an 19ú haois i ndialann Charles Griffith, grásaeir, agus tá fáil ar chuimhne cinn Joseph Lodge agus Mrs Catherine Kerr i ngeall ar na caogaidí agus ar thús na seascaidí.</ref>
 
Tháinig na chéad Eorpaigh i dtríochaidí an 19ú haois, agus cuireadh réimsí móra caorach ar bun. Bhí os cionn 440,000 heicteár ag Simon Staughton, grásaeir a tháinig sa bhliain 1841. Tháinig bualadh mór ar bhóthar [[Ballarat]] nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1851, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an limistéar máguaird.<ref>http://www.melton.vic.gov.au/Page/page.asp?page_Id=274</ref>
Líne 13:
D'oscail Oifig Poist Stáisiún Parwan ar 1 Meán Fómhair 1886. Tugadh Parwan uirthi sa bhliain 1914 agus dhún sí sa bhliain 1962. <ref>https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= |Post Office List: Parwan</ref>
 
== Parwan Valley ==
Tá Gleann Parwan idir Raon Brisbane Ranges (ardán íseal), Páirc Stáit Mhám Werribee agus sléibhte na You Yangs. Bhí feirmeoireacht ar siúl ann ó ochtóidí an 19ú haois amach, ach d'eirigh an talamh an-salanda de dheasca dróchshaothrú, agus anois tá cuid den chreimeadh talún is measa in Victoria le feiceáil ann. Faoin mbliain 1948 measadh go raibh laghdú 20% tagtha ar thoilleadh ar Thaiscumar Melton de dheasca a raibh de ghlár ann. Roimh theacht na nEorpach bhí an áit faoi chrainn ghuma agus faoi fhéar dúchasach. Leagadh na crainn chun breis féaraigh a chur ar fáil, agus mhill beithígh, caoirigh agus coiníní an áit le ró-innilt. Tháinig méadú ar an méid maidhmeanna sléibhe agus thosaigh an "tollánú" - uisce ag dul faoi thalamh de bharr creimidh nó trí fhréamhacha feoite, agus poill á ndéanamh thíos dá bharr, rud a thaitin leis na coiníní.<ref>
http://www.dpi.vic.gov.au/dpi/vro/portregn.nsf/pages/werribee_parwan_valley Boucher, S.C.: 'Land degradation in the Parwan Valley'.</ref> Cheannaigh an Rialtas an Gleann go héigeantach agus tá an talamh á athchóiriú.
Líne 19:
Tá Droim na hEilifinte Báine i lár an Ghleanna, agus tá poirt rite ar gach taobh de barr ísliú urlár an Ghleanna tar éis oibriú bolcánach. Is ann atá neada iolar dingeireaballach, agus siorradh suas ann de bharr na leicne crochta.<ref>http://www.visitmoorabool.com.au/maps/tour/map/3</ref> Tá dhá abhainn sa Ghleann, Abhainn Parwan thiar agus Abhainn an Fhoinse thoir.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc ==
;Bailte i Sír Moorabool, Victoria
* [[Bacchus Marsh, Victoria]]