An difríocht idir athruithe ar: "Rochester, Nua-Eabhrac"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 20:
Cathair i gContae Monroe, in iarthuaisceart Stát [[Nua-Eabhrac (stát)|Nua-Eabhrac]], i [[SAM]], taobh ó dheas ó [[Loch Ontario]] is ea '''Rochester'''. Príomhbhaile Chontae Monroe atá ann. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 210,565 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,054,322 duine i mórcheantar na cathrach, ceantar a chuimsíonn freisin contaetha Genesee, Livingston, Ontario, Orleans agus Wayne (san iomlán nó i bpáirt). “Lárionad Domhanda na nÍomhánna” an leasainm a thugtar an an gcathair ar siocair go bhfuil na comhlachtaí [[Eastman Kodak|Kodak]] agus [[Xerox Corporation|Xerox]] ann. Tá Bausch & Lomb lonnaithe i Rochester chomh maith. Déantar a lán taighde teicneolaigh sa chathair ag na comhlachtaí seo, agus tá clú ar Ollscoil Rochester agus ar an Rochester Techonological Institute as a gcuid cláracha taighde teicneolaíochta, leighis agus eolaíochta.
 
== Stair ==
Na hIroquois a bhí ina gcónaí sa cheantar chomh fada siar agus a théann an taifead staire scríofa. Chaill ceithre threibh de chuid Chónaidhm na nIroquois seilbh ar na tailte sa chuid sin de Stát Nua-Eabhrac i ndiaidh don chuid ba mhó díobh seo troid ar son na Sasanach le linn [[Cogadh Réabhlódeach Mheiriceá|Chogadh Réabhlódeach Mheiriceá]] (1776–19831776–1983). Ar [[8 Samhain]] [[1803]], cheannaigh an Coirnéal Nathaniel Rochester agus beirt eile 100 acra timpeall ar thrí eas san Abhainn Genesee a bheadh úsáideach mar fhoinse cumhachta. Cúig dhuine déag a lonnaigh san áit i dtús báire. Sa bhliain 1825, osclaíodh an [[Canáil Erie|Chanáil Erie]], rud a cheangail feirmeoirí an [[Meániarthar na Stát Aontaithe|Mheániarthair]] le calafort [[Nua-Eabhrac (cathair)| Nua-Eabhrac]]. Chuaigh an chanáil tríd an chathair agus tháinig fás ar Rochesterville (mar a thugtaí ar an mbaile san am úd) dá réir sin. Faoin bhliain 1834, bhí 9,200 duine ina gcónaí ann. Nuair a tháinig na hiarnróid isteach blianta gairide ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh an chanáil ó dheas ón bhaile.
 
Tharraing suíomh agus tionscal an bhaile mhóir na mílte imirceach. Orthu siúd bhí beirt ón [[an Ghearmáin|Ghearmáin]], John Jacob Bausch agus Henry Lomb, a thosaigh ag obair le chéile i lár na 1850idí agus a chuir Bausch & Lomb ar bun faoin bhliain 1861. Duine de bhunús Stát Nua-Eabhrac a bhí i George Eastman, fiontraí gnó a chuir an chomhlacht Eastman Kodak ar bun. Bhain tábhacht shóisialta agus pholaitiúil le Rochester chomh maith. Ba i Rochester a bhunaigh [[Frederick Douglass]] ''The North Star'', nuachtán mór na ndaonfhuasclóirí, sa bhliain 1847. Ba as Rochester [[Susan B. Anthony]], daonfhuasclóir agus feiminí luath. Ag deireadh an 19ú haois, chuir an t-ainrialaí agus sóisialach [[Emma Goldman]] fúithi sa chathair ar feadh chúpla bliain agus í ag obair ar son lucht oibrithe na gceardlann allais.