An difríocht idir athruithe ar: "Síle na gcíoch"

Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: pt:Sheela na Gig
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[ImageÍomhá:Sheelanagigfethardwall.jpg|thumb|right|280px|Síle na gcíoch ar mhúr [[Fiodh Ard|Fhiodh Ard]] i g[[Contae Thiobraid Árann]].]]
 
Deilbhín snoite de bhean lomnocht a bhfuil pit áibhéileach uirthi is ea '''Síle na gcíoch''' ([[Béarla]]: ''Sheelah na gig''). Tá a leithéid le fáil ar [[caisleán|chaisleáin]], ar theampaill agus ar [[forgneamh|fhoirgnimh]] eile, ní hamháin in [[Éirinn]] ach sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] agus sa Mhór-Roinn chomh maith. In Éirinn, áfach, atá an chuid is mó de na fíoracha seo – os cionn céad ceann acu le hais ceithre cinn is daichead sa Bhreatain.<ref>McMahon & Roberts, 2000.</ref>
 
== Foinse ==
 
Níl na scoláirí ar aon intinn faoi fhoinse na bhfíoracha. Tá deilbhíní “gráisciúla” den saghas seo le fáil go forleathan i gcuid den Mór-Roinn, agus áitíonn James Jerman agus Anthony Weir go bhfuil baint acu leis an ailtireacht Rómhánúil, gur snoíodh a bhformhór san [[11ú haois]] agus gur bhain siad Éire amach sa [[12ú haois]].<ref>Jerman & Weir, 1999, lch 24. Tá an argóint seo ag cur le tuairim Andersen, 1977.</ref>
 
Rinne Jerman iarracht ar na deilbhíní a chur i gcomhchoibhneas le maisiú gobach Rómhánúil de dhéanamh ''voussoir'' (móitíf mhaol dhingeach) a bhí san fhaisean sa 12ú haois sa [[An Fhrainc|Fhrainc]] agus a thug [[na Normannaigh]] thar lear leo. Is deacair, áfach, mórán samplaí a fháil den chomhchoibhneas seo in Éirinn.<ref>Freitag, 2004, lgh 13-14.</ref> Áitítear, mar sin féin, go bhfuil formhór mór na bhfíoracha le fáil i limistéar na nAngla-Normannach timpeall an 12ú haois, agus gan ach beagán le fáil i limistéar na [[Gaeil|nGael]].<ref>O’Kelly, 1996.</ref>
[[ImageÍomhá:SheelaWiki.jpg|thumb|right|Síle na gcíoch ag SS Mary and David's Church, Kilpeck, Sasana.]]
 
== Síle na gcíoch in Éirinn ==
 
In Éirinn tá formhór na ndeilbhíní le fáil i lár agus i ndeisceart na tíre.
Líne 20:
Tháinig deilbhín eile chun solais sa bhliain 1990 agus é bainte de bhalla seanscoile i d[[Tulach Ruáin]] i g[[Contae Chill Chainnigh]]. B’fhéidir go bhfuil baint aige le Caisleán an Ghrásaigh i m[[Baile an tSoirtéalaigh]]. Tá deilbhín eile ar Chaisleán na Cloiche Mantaí sa chontae céanna, rud a threiseodh leis an teoiric go raibh Síle na gcíoch ann mar chosaint ar chontúirt.<ref>Counihan, 1992, lch 230-31.</ref>
 
Thángthas ar dheilbhín i reilig Theampall Naomh Bríd de chuid [[Eaglais na hÉireann]] i [[Ros Fhionnghlaise]] i g[[Contae Laoise]] sa bhliain 1991. I [[Ard-Mhúsaem na hÉireann|Músaem Náisiúnta na hÉireann]] atá sé anois, agus gan eolas ar aon cheann eile sa chontae sin a bhaineann le heaglais.<ref>Counihan, 1992, lch 231.</ref>
 
=== Dátú agus rangú ===
 
Uaireanta is léir nach bhfuil an deilbhíní ag teacht le maisiú, le dealramh ná le hábhar tógála an fhoirgnimh a bhfuil siad, agus cuma na haoise orthu, rud a chuirfeadh in iúl go bhfuil traidisiún fada ag baint leo.
Líne 28:
Is féidir iad a rangú ina gceithre chineál:
:* Deilbhíní atá ina gcuid de phatrún leanúnach ar choirbéil, ar mhullaí nó ar stuanna. Le heaglaisí amháin a bhaineann siad seo, agus níl siad ársa.
 
:* Deilbhíní aonair atá snoite ar chlocha cúinne, ar eochracha, ar lindéir, ar stuaiceanna, ar bhocóidí dín - rudaí atá ina gcuid de bhunábhar an fhoirgnimh. Iad le fáil ar fhoirgnimh eaglaiseacha agus ar chaisleáin.
 
:* Deilbhíní aonair atá suite leo féin ach a d’fhéadfadh baint a bheith acu le foirgneamh áirithe.
 
:* Deilbhíní nach mbaineann le foirgneamh ar bith nó a aistríodh ó áit eile.<ref>Freitag, 2004, lgh 14.</ref>
 
== Feidhmiú ==
 
Sa bhliain 1844 thug Johann Georg Kohl, scoláire [[An Ghearmáin|Gearmánach]], cuairt ar [[Dubhadh|Dhubhadh]] i g[[Contae na Mí]] agus é ar lorg dheilbhíní Shíle na gcíoch. Dúirt fear faisnéise leis go raibh deich gcinn ar a laghad ann agus go n-úsáidtí na fíoracha chun an tsúil mhillte a chealú. Sa seansaol fadó rachadh fear a raibh an mí-ádh air chun mná áirithe agus nochtfadh sí a baill ghiniúna dó mar leigheas. Dúradh le Kohl go dtugtaí ''Shila na Gigh'' ar mhná den saghas sin agus gur baisteadh na fíoracha féin amhlaidh.
Líne 42:
Mhéadaigh ar an tsuim a bhí ag ársaitheoirí sa scéal agus beartaíodh teoiricí difriúla. Áitíodh gur as nósanna an Phágánachais nó na [[Críostaíocht|sean-Chríostaíochta]] a fáisceadh na deilbhíní, nó go raibh baint acu leis an torthúlacht.<ref>Freitag, 2004, lgh 16-20.</ref>
 
I lár an [[19ú haois]] rinne John Windele, dinnseanchaí, tagairt do na deilbhíní mar "Chailleacha an Chaisleáin" sa [[béaloideas|bhéaloideas]]. Dá bhfeicfeadh an namhaid iad bhainfí an mírún de. Dá mbeadh an tsúil mhillte ag duine i ngan a fhios dó, mheallfadh an Chailleach a shúil agus bhainfí an dochar di.<ref>Freitag, 2004, lch 22.</ref>
 
=== An bandia ===
 
Déanann scoláirí éigin Síle na gcíoch a shamhlú leis an gCailleach, bandia a bhronnadh ríogacht in Éirinn agus in [[Albain]]. Nochtadh sí ina seanbhean ghránna dhrúisiúil, agus dá mbeadh sé de mhisneach i bhfear éigin luí léi nochtfadh sí arís ina sciamhaí óg a chuirfeadh rath ar réimeas an rí nua. Ba í [[Margaret Murray]], antraipeolaí cáiliúil, ba thúisce a chuir teoiric na Caillí in iúl, agus fuair sí tacaíocht ó Ann Ross ("The Divine Hag of the Pagan Celts"), a thug le fios gurbh ionann Síle na gcíoch agus bandia an chatha.<ref>Féach Pearson, Ann: ‘Reclaiming the Sheela-na-gigs: Goddess Imagery in Medieval Sculptures in Ireland’: http://pi.library.yorku.ca/ojs/index.php/cws/article/viewFile/8830/8007. Forbhreathnú comparáideach é ó thaobh an fheimineachais de.</ref>
Líne 52:
Áitíonn Barbara Freitag, agus í ag cuimhneamh ar Shíle na gcíoch i ndála an tseansaoil, gur bhandia áitiúil í a thabharfadh aire do mhná i luí seoil.<ref>Freitag, 2004.</ref>
 
== An t-ainm ==
 
Tugann [[Pádraig Ua Duinnín]], foclóirí, ''Síle na gcíoch'' ar an saghas deilbhín atá i gceist:
:''"a stone fetish representing a woman, supposed to give fertility, only thought to have been introduced by the Normans".''<ref>Dinneen, Patrick ''Foclóir Gaedhilge agus Béarla''. Dublin: Irish Texts Society 1927.</ref>
 
Luann Jørgen Andersen an t-ainm seo agus ''Síle ina giob'' (i.e ina gogaire), ach deir sé (ar nós roinnt scoláirí eile) nach raibh ''Síle na gcíoch'' ina ainm coitianta riamh.<ref>Andersen, 1977.</ref> B’fhéidir go raibh ainmneacha áitiúla eile ann, leithéid ''Chailleach an Chaisleáin''.<ref>Windele, luaite in Freitag, lch 22.</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Leabhair agus alt ==
 
*Andersen, Jørgen. ''The Witch on the Wall''. Rosenkilde and Bagger (1977).
Líne 72:
*Jerman, James & Weir, Anthony. ''Images of Lust: sexual carvings on medieval churches''. B.T. Batsford Pty Ltd (1986), Routledge (1999) (athchló). ISBN 0-415-15156-2
 
*Kelly, Éamonn. ''Sheela Na Gigs: Origins and Function''. Country House (1996). ISBN 978-09461725110-946172-51-1
 
*McMahon, J. & Roberts, J.. ''The Sheela-na-Gigs of Ireland and Britain: The Divine Hag of the Christian Celts – An Illustrated Guide''. Mercier Press Ltd (2000). ISBN 978-18563529491-85635-294-9
 
== Ailt ==
 
* Dr Theresa Oakley & Dr Alex Woodcock. ‘The Romanesque Corbel Table at St John's, Devizes and its Sheela na gig,’ ''The Wiltshire Archaeological and Natural History Magazine'', Volume 99, 2006.