An difríocht idir athruithe ar: "Teallúiriam"

Content deleted Content added
Naisc
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 16:
Bíonn criostail an teallúiriam chomh geal leis an airgead, agus loinnir an mhiotail iontu má bhíonn siad sách glan. Is féidir teallúiriam dímhorfach a fháil trína dheascadh as tuaslagán an aigéid teallúraigh Te(OH)<sub>6</sub>. Is leathsheoltóir é an teallúiriam, agus a sheoltacht ag brath ar threoir an tsrutha leictrigh i gcomparáid le línte ailínithe na n-adamh sa chriostal. Is fótaisheoltóir é an teallúiriam freisin, is é sin, téann a sheoltacht i méadaíocht faoi thionchar an tsolais. Creimeann an teallúiriam leáite copar, cruach dhosmálta agus gnáthiarann.
 
== Iseatóip an teallúiriam ==
 
Tá ocht n-[[iseatóp]] nádúrtha ag an teallúiriam. Ceithre cinn acu, tá siad cobhsaí, is é sin, teallúiriam a 122 (2.55 % de theallúiriam an dúlra), teallúiriam a 124 (4.74 %), teallúiriam a 125 (7.07 %) agus teallúiriam a 126 (18.84 %). Iseatóip radaighníomhacha iad na cinn eile, mar atá, teallúiriam a 120 (0.09 %), teallúiriam a 123 (0.89 %), teallúiriam a 128 (31.74 %) agus teallúiriam a 130 (34.08 %). Cé go bhfuil an chuid is mó den teallúiriam nádúrtha radaighníomhach, níl priacal radaíochta ann, ó tá [[leathré]] na n-iseatóp sin an-fhada, fiú i gcomparáid le haois na hollchruinne féin. Mar sin, is féidir dearmad a dhéanamh den [[radaighníomhaíocht]] sin sa ghnáthshaol.
 
== Minicíocht sa Dúlra ==
 
Tá an teallúiriam ar cheann de na dúile is teirce i screamh [[an Domhain]]. Is féidir teacht ar theallúiriam ghlan féin sa dúlra uaireanta, ach is minice a fhaightear sna [[mianra]]í é: calaibhirít, nó détheallúiríd óir, AuTe<sub>2</sub>, mar shampla. Le fírinne, is iad na teallúirídí óir na [[comhdhúil]]e [[ór|óir]] is minice a chasfaí ort sa dúlra, nó is dual don ór bheith ar fáil mar dhúil. Is í láib anóideach an chopair an fhoinse teallúiriam is tábhachtaí, áfach. Is éard atá sa láib anóideach ná na hiarsmaí a dheascann timpeall na hanóide le linn leictrealú.
 
== Ceimic an Teallúiriam ==
 
Maidir leis na huimhreacha ocsaídiúcháin, is iad -2, +2, +4 agus +6 iad, agus is é +4 an ceann is coitianta. Bíonn -2 ar fáil sna teallúirídí, is é sin, i gcomhdhúile an teallúiriam agus na miotal, cosúil leis an teallúiríd since ZnTe, a gheofar má théitear an dá dhúil suas in éineacht. Nuair a imoibreoidh an teallúiríd since leis an [[aigéad hidreaclórach]] HCl, gheofar teallúiríd hidrigine H<sub>2</sub>Te, analóg an [[uisce]]. Tá an teallúiríd hidrigine féin an-éagobhsaí, agus claonadh láidir inti titim as a chéile go [[hidrigin]] agus teallúiriam. Aigéad scothláidir é, agus tá an t-ainian hidriteallúiríde HTe<sup>-</sup> réasúnta cobhsaí. Is féidir leis, fiú, dul i gcomhdhúile le caitian an t[[sóidiam]] Na<sup>+</sup> le cineál salainn, hidriteallúiríd sóidiam NaHTe, a chruthú.
 
=== An Teallúiriam agus na Halaiginí ===
 
Maidir leis na halaiginí, is iad na teitreahalaiginídí cosúil leis an teitreaclóiríd TeCl<sub>4</sub>, an teitreabróimíd TeBr<sub>4</sub> agus an teitriaidíd TeI<sub>4</sub> na cinn is tábhachtaí. Is féidir, áfach, na teitreahalaiginídí a dhianscaoileadh go déhalaiginídí (TeCl<sub>2</sub>, TeBr</sub>2</sub>, TeI<sub>2</sub>). Ní féidir na déhalaiginídí a aonrú, ach bíonn siad le fáil i dtuaslagáin (sna tuaslagóirí orgánacha, seachas san uisce!), agus is féidir leo iain choimpléascacha a chruthú in éineacht leis na hainiain halaigine: teitreaclórateallúráit (II) TeCl<sub>4</sub><sup>2-</sup>, teitreabrómateallúráit (II) TeBr<sub>4</sub><sup>2-</sup> agus teitriaiditeallúráit (II) TeI<sub>4</sub><sup>2-</sup>. Ós ocsaídeoir láidir é an [[fluairín]], tá sé in ann an teallúiriam a ocsaídiú go +6, ionas go bhfaighfear heicseafluairíd teallúiriam TeF<sub>6</sub>. Tá an uimhir ocsaídiúcháin chéanna ag an teallúiriam san adamhghrúpa -OTeF<sub>5</sub> freisin, agus é ar fáil i gcomhdhúile ar nós B(OTe<sub>5</sub>)<sub>3</sub>. [[Aigéad]] láidir é an t-aigéad peinteafluarortaiteallúrach (an t-aigéad teifleach) HOTeF<sub>5</sub>.
 
=== Ocsaídí an Teallúiriam ===
 
Is í an dé-ocsaíd teallúiriam TeO<sub>2</sub> an ocsaíd is tábhachtaí. Thairis sin, tá aonocsaíd TeO ann, ach tá an dá bh'fhéidir ann i gcónaí, an féidir í a aonrú mar sholad glan. Tá siad ann a deir nach bhfuil san aonocsaíd sholadach ach meascán as an dúil féin agus an dé-ocsaíd. Glactar leis, áfach, go bhfuil an aonocsaíd aitheanta mar mhóilín i bpas gásach. Tá ocsaídí eile ag an teallúiriam fós, ocsaídí ilfhiúsacha - is é sin, ní hionann uimhir ocsaídiúcháin ag gach adamh teallúiriam sna hocsaídí seo. Sampla é Te<sub>4</sub>O<sub>9</sub>. Imoibríonn na hocsaídí go léir leis an uisce, ionas go gcruthaítear ocsaigéid éagsúla teallúiriam.
 
=== Caitiain Chaitéanaithe an Teallúiriam ===
 
Má théann an teallúiriam i dteagmháil le h[[aigéad sulfarach]] tiubhaithe, gheofar an cineál caitiain ar a dtugtar caitiain Zintl, cineál caitian caitéanaithe: Te<sub>4</sub><sup>2+</sup>, mar shampla. Is féidir leis an teallúiriam caitiain den chineál seo a dhéanamh in éineacht leis an seiléiniam freisin: Te<sub>2</sub>Se<sub>6</sub><sup>2+</sup>, cuir i gcás.
 
== Úsáid ==
 
Úsáidtear an chuid is mó den teallúiriam sa [[miotalóireacht|mhiotalóireacht]]. Measctar teallúiriam tríd an gcruach dhosmálta agus tríd an gcopar leis na miotail seo a dhéanamh níos inmheaisínithe. Baineann an tionsclaíocht leictreonaice leas as an teallúiriam mar leathsheoltóir freisin.
Líne 46:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]