An difríocht idir athruithe ar: "Maputo"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Is cathair í '''Maputo''', príomhchathair [[Mósaimbíc|Mhósaimbíc]] agus an chathair is mó sa tír. Tá Maputo suite ar [[an tAigéan Indiach|an Aigéan Indiach]]. Tá rian ré na coilíneachta fós le feiceáil go láidir air. Tá cuid mhaith den chathair cosúil go leor le cathracha na [[an Phortaingéil|Portaingéile]]. Sa bhliain 2007, bhí 1,766,184 duine ina gcónaí i mórcheantar na cathrach.
 
Téann fréamacha na cathrach siar go dtí na chéad chuairteanna a thug taiscéalaithe ón bPortaingéil san áit ag tosnú sa bhliain 1544. Scrios bundúchasaigh an réigiúin na dúnfoirt agus tithe trádála a bhunaigh na Portaingéalaigh ann. Faoin bhliain 1850, bhí baile Portaingéalach seasmhach ar siúl acu. Lourenço Marques ainm an bhaile anuas go dtí Feabhra, 1976 nuair a athbhaisteadh an chathair ''Maputo'' as an Abhainn Maputo. Bhí a neamhspleáchas bainte amach ag an Mósaimbic i mi Mheithimh, 1975. D'imigh breis is ceathrú milliún duine de shliocht Portaingéalach agus Eorpach ó Maputo go gairid ina dhiaidh sin.
 
Baineann cuid mhór de gheilleagar Maputo leis an bport. Táirgítear [[stroighin]], [[rubar]], earraí [[potaireacht]]a, [[bróga]] agus [[troscán]] sa chathair chomh maith.