An difríocht idir athruithe ar: "An tSicil"

No change in size ,  8 mbliana ó shin
(→‎Ríocht an Dá Shicil: stil Wikipedia)
Tháinig Peadar a Trí, Rí na hAragóine, chun tarrthála do na ceannairceoirí ansin, agus shealbhaigh sé an t-oileán dá ríocht féin. Ba mar sin a thit an tSicil leis an Aragóin, agus nuair a chuaigh an tír sin sa Spáinn i ndeireadh na cúigiú haoise déag, rinneadh cúige Spáinneach den oileán freisin.
 
=== [[Ríocht an Dá Shicil]] ===
 
San ochtú haois déag, thit an tSicil le Diúc Savoy ar dtús, agus ansin le rítheaghlach Hapsburg, is é sin, ríthe agus impirí na hOstaire. Ansin, áfach, rinne réabhlóid na Fraince agus cogaí Napoleon spior spear de mhapa na hEorpa. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hilchríche le chéile i gComhdháil Vín sa bhliain 1815, rinne siad an-athroinnt ar na tailte, an tSicil ina measc. Is mar sin a bunaíodh [[Ríocht an Dá Shicil]], sa bhliain 1816.
 
Ba iad rítheaghlach Bourbon a bhí ag rialú na ríochta seo, agus ba í Napoli an phríomhchathair. Amach ón tSicil féin, bhain an leath dheisceartach de leithinis na nAipíníní leis an Dá Shicil. Ríocht choimeádach, fhrithghníomhach a bhí ann, agus an rí á rialú ina anlaith. Bhí na seirbhísí rúnda ag coinneáil diansúile ar na daoine, agus an tír lofa le lucht glactha breibe. Sna blianta 1820 agus 1848, d'éirigh an mhuintir amach i gcoinne an rí le tuilleadh saoirse a éileamh air, agus b'éigean don rí bunreacht liobrálach a thabhairt isteach ar feadh tamaill. Ansin, áfach, tháinig a chuid comhghuaillithe san Ostair chun tarrthála air, agus cuireadh an bunreacht ar ceal arís.
22,799

edits