An difríocht idir athruithe ar: "An Háig"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: hy:Հաագա
No edit summary
Líne 1:
{{Bosca Sonraí - Cathracha|
[[Íomhá:LocatieDenHaag.png|right|300px|thumb|Suíomh An Háig.]]
|ainm = An Háig
Is príomhchathair de chuid chúige na hOllainne Theas san [[Ísiltír]] í '''An Háig'''. Tá 500 000 duine (ó 1 Meán Fomhair 2011) ina gcónaí ann agus is í an tríú chathair is mó san Ísiltír, i ndiaidh [[Amstardam]] agus [[Rotterdam]]. Tá An Háig lonnaithe in iarthar na hÍsiltíre, i lár chomhchathair Haaglanden agus i gcúinne thiar theas de chuid na comhchathrach níos mó ar a dtugtar "Randstad".
|ainmneacha_eile= Den Haag
|íomhá = A square in the center of the Hague.jpg
|méid_íomhá = 240px
|teideal_íomhá =
|léarscáil = LocatieDenHaag.png
|méid_léarscáil = 240px
|coord = {{comhor cn|52|5|N|4|19|E|Thuaidh|Thoir|type:city}}
|tír = [[An Ísiltír]]
|ceantar_teideal= [[:Teimpléad:Cúigí na hÍsiltíre|Cúige]]
|ceantar = [[An Ollainn Theas]]
|teidil_na_gceannairí = Méara
|ainmneacha_na_gceannairí = J.J. van Aartsen
|achar = 98.20 km²
|daonra = 1,022,256
|dlús_daonra =
|staitistic_eile_teideal = Crios ama
|staitistic_eile= CET (UTC+1)
|líonláithreán = www.denhaag.nl
}}
Is príomhchathair de chuid chúige na [[An Ollainn Theas|hOllainne Theas]] san [[An Ísiltír|Ísiltír]] í '''An Háig'''. Tá 500 000 duine (ó 1 Meán Fomhair 2011) ina gcónaí ann agus is í an tríú chathair is mó san Ísiltír, i ndiaidh [[Amstardam]] agus [[Rotterdam]]. Tá An Háig lonnaithe in iarthar na hÍsiltíre, i lár chomhchathair Haaglanden agus i gcúinne thiar theas de chuid na comhchathrach níos mó ar a dtugtar "Randstad".
 
Tá An Háig mar shuíomh do rialtas, parlaimint agus Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre, mar aon le Comhairle an Stáit, ach ní príomhchathair na hÍlstíre í os rud é gurb é Amstardam príomhchathair na tíre ó thaobh an bhunreachta de. Tá [[Banríon Beatrix na hÍsiltíre]] ina cónaí in Huis ten Bosch agus oibríonn sí i bPálás Noordeinde san Háig. Tá na hambasáidí eachtracha uile agus 150 eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe sa chathair, lena n-áirítear [[an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta]] agus [[an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta]]. Dá bhrí sin, is ceann de na príomhchathracha a óstálann na Náisiúin Aontaithe (in éineacht le Nua Eabhrac agus leis an nGinéiv) í An Háig.
Line 8 ⟶ 28:
Bunaíodh An Háig timpeall na bliana 1230 nuair a cheannaigh Floris IV, Cunta na hOllainne, talamh feadh linne (ar a dtugtar "Hofvijver" faoi láthair) d'fhonn cónaí seilge a thógáil. Sa bhliain 1248, shocraigh William II, Cunta na hOllainne agus Rex Romanorum, an cónaí a shíneadh go pálás. Fuair sé bás sa bhliain 1256 roimh an pálás a chur i gcrích, ach chríochnaigh a mhac Floris V codanna den phálás agus is é an Ridderzaal (Halla na Ridirí), atá fós ann faoi láthair, an chuid is suntasaí. Baintear úsáid as fós le haghaidh ócáidí polaitiúla, ar nós óráid bhliantúil an mhonairc ón ríchathaoir. Ón 13ú haois ar aghaidh, bhain cuntaí na hOllainne úsáid as An Háig mar a n-ionad riaracháin agus a gcónaí agus iad san Ollainn.
 
===Ainm agus stádas===
 
Luadh An Háig don chéad uair mar 'Die Hage' i ndoiciméad ó 1242. Sa chúigiú haois, úsáideadh an teideal níos foirmiúla 'des Graven hage', sin 'coill an chunta' go litriúil. Mar sin, bhí fochialla ar nós 'fál an chunta, clós príobháideach nó tailte seilge' ag baint leis. Úsáideadh 's Gravenshage go hoifigiúil don chathair ón 17ú haois ar aghaidh. Faoi láthair, ní úsáidtear an teideal seo ach i ndoiciméid oifigiúla. Baineann an chathair féin úsáid as "Den Haag" i ngach cumarsáid eile.