An difríocht idir athruithe ar: "C.U. Burn"

sraith theilifíse
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca_Sonraí_Clár_teilifíse | ainm_cláir = C.U. Burn | íomhá = | fotheideal = | seánra = Sraithdhráma grinn | am_reatha = 25 nóiméad | deart...'
(No difference)

Leagan ó 13:45, 29 Samhain 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Clár teilifíse as Gaeilge

Sraithdhráma grinn is ea C.U. Burn . Craolfar an chéad sraith in [1996]] ar TnaG (Teilifís na Gaeilge). Tá an tsraith bunaithe ar imeachtaí i saol adhlacóra agus a chomhpháirtí atá tar éis créamatóiriam a thógáil. Tá C.U. Burn Crematorium Ltd. suite i “nGleann Dómhain”, Tá C.U.Burn le feicáil o ham go am ar TG4[1]. “Ceann de na cláracha ab fhearr agus is mó a thaitníonn le lucht féachana TnaG is ea CU Burn”, a dúirt Saol [2][3]

Sraith

D'údaraigh Teilifís na Gaeilge do Lios na Sí Teo [4]. Sraithchlár sé mhír a sholáthar i dtosach báire, Ach bhí glactha chomh maith sin leis an tsraith go raibh beartaithe ag Lios na Sí sraith eile a dhéanamh. Mar sin, bhí 16 cláir craolta i 1996 agus i 1997. Bhí suas le 140 duine fostaithe ag an mbuaic léirithe i 1995-1997.

Foireann

Niall Mac Eamharcaigh - scríobhneoir agus stiúrthóir; Aodh Óg Ó Duibheannaigh - Charlie Burn; Seán Mac Fionnghaile (McGinley, Mac Fhionnlaoich), a bhásaigh sa bhlian 2009 - Vincie Burn, a deartháir


Bhuaigh C.U. Burn “Spiorad na Féile”, An Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán & Teilfíse i 1997.

Sraith

Sraith 1 (craolta don chéad uair i 1996)

1.1 “Deontas” Tá deontas faighte ag Charlie agus ag Vincie ón Údarás le créamatóiriam a oscailt.

1.2 “Lá Ádhúil” Tá Charlie ag lorg a chéad chustaiméir don chréamatóiriam

1.3 "Que Sera, Sera" Tá Kit Shorcha caillte agus níl cónra ar bith fágtha ag Charlie. Céard a dheánfaidh sé?

1.4 "Dubh agus Bán" Tá dhá chorp sa chréamatóiriam agus téann Charlie amú ar an bpéire.

5 "Thar Sáile " Téann Charlie agus Vincie go hOileán Ella chun corp a bhailiú ach is i dtír ar Thoraigh a thagann siad.

1.6 "Toit " Bíonn Charlie ag roinnt toitíní ar thórramh ach bíonn níos mó ná tobac iontu.

1.7 " Máire an Chlocháin Leith" Bíonn lá mór ag Charlie agus Pádraig ag Féile Mháire an Chlocháin Leith. An é seo lá an Luain agus coirp ag éirí ó na mairbh?

1.8 "Cúpla" Fuair John Dubh bas agus faigheann Charlie $4000.

Sraith 2 (craolta don chéad uair i 1997)

2,1 “Lotto” Tá an ticéad buacach ag duine éigin, ach cé? Bíonn muintir Doyle agus Charlie Burn marbh ag cuardach an ticéid mar go gceapann siad gur duine éigin a bhásaigh le gairid a cheannaigh é.

2.2. “An Dole” Nuair a thagann cigirí ón Roinn Leasa Shóisialaigh ar cuairt chuig an gcréamatóir bíonn gach seans ann go gcaillfidh na fostóirí agus na hoibrithe an dól!

2.3 “An Dhá Mheigeall” Caitheann Charlie a shúil santach ar spré Mhairéid agus ar thalamh a Uncail Barney, nuair a bhíonn luach eileatraim nua uaidh.

2.4 “Hata sa Leaba” Tá Charlie san ospideál ach ní ar cuairt atá sé ann. Tá siad fíor chruógach go deo! ...

2.5 “Cúl Báire” Téann Pádraig agus Vincie ag faire ar éin agus déanann Charlie iarracht píosa siúinéireachta a dhéanamh mar gheall ar shochraid atá ag fáil go leor poiblíochta.

2.6 “Lá Amú” Leanann Charlie an t-otharcharr is é ag ceapadh go m’fhéidir go mbeadh gnó le déanamh aige as ach bíonn a chontúirt féin ag baint leis seo.

2.7 “Ar Thóir an Óir” Tá Charlie ag iarraidh airgead a shaothrú agus mar sin eagraíonn sé ceant. To keep the wolf from the door Charlie decides to hold an auction. Cuid 1 http://www.youtube.com/watch?v=oDJIfUvWtA4 , Cuid 2 http://www.youtube.com/watch?v=expqZwnIj1U

2.8 “Speisialta na Nollag” An Nollaig: Bíonn na hadhlacóirí an-ghnóthach i rith na Nollag. Nuair a fhaigheann an tábhairneoir bás beireann Charlie leis an corp ar iasacht.

Tagairtí

Naisc sheachtracha