An difríocht idir athruithe ar: "Iúpatar (pláinéad)"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: za:Ndaundeiqfaex
mNo edit summary
Líne 136:
|}
 
Is é '''Iúpatar''' an cúigiú [[plainéadpláinéad]] ón ngriann[[grian]] sa [[ghrianchóras]], agus an ceann is mó de na plainéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach [[Galileo Galilei]] air trí theileascóp sa bhliain [[1610]] agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar [[gealacha Galileo]] orthu sin i gcónaí ([[Io (gealach)|Io]], [[Europa (gealach)|Europa]], [[Ganymede (gealach)|Ganymede]] agus [[Callisto (gealach)|Callisto]]). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phlainéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.
 
Is plainéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar [[Gásfhathach|gásfhathaigh]] ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, [[Satarn (pláinéad)|Satarn]], [[Úránas (pláinéad)|Úránas]] agus [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiún]]. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. [[Hidrigin]] (90%) agus [[héiliam]] (10%) ar fad atá sa phlainéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, [[uisce]], agus [[amóinia]]. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.
 
Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid [[Satarn]].
 
Bhí 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta úd Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.