An difríocht idir athruithe ar: "Véineas (pláinéad)"

Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: za:Ndaundeiqgim
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Venuspioneeruv.jpg|thumb|Véineas]]
 
Is í '''Véineas''' an dara [[pláinéad]] ón ngrian sa [[Grianchóras|ghrianchóras]]. B'í [[Véineas (bandia)|Véineas]] bandia an ghrá agus na háilleachta ag na Rómhánaigh ([[Afradaíté]] ag na Gréagaigh, Ishtar na Babalóine). Ós í Véineas an plainéad is gile sa spéir, b'eol do dhaoine í a bheith ann ó thús ama. Tugadh Réalt na Maidne agus Réalt an Tráthnóna ar Véineas chomh maith. Níl gealach ar bith aige. Tá an lá níos faide ná an bhliain ann (243 lá de chuid an domhain), agus ós rud é go bhfuil Véineas ag rothlú thar a hais i dtreo chontrártha, feictear an [[Grian|Ghrian]] ag éirí san iarthar agus ag dul faoi san oirthear. Tá an pláinéad beagnach ar aon mhéid leis an [[Domhan]] agus tá an t-[[atmaisféar]] tiubh trom, 90 uair níos dlúithe ná [[atmaisféar an domhain]]. Is í [[dé-ocsaíd an charbóin]] an [[gás]] is flúirsí san atmaisféar, rud a chiallaíonn go bhfuil an iarmhairt ceaptha teasa i bhfad níos láidre ar Véineas ná ar an Domhan. Mar sin, tá an teocht an-ard ar fad ann, os cionn 400 °C. Gleannta míne is mó atá ar an dromchla. Ar ndóigh, tá sé róthe le farraigí ar bith a bheith ann.
 
Cuireadh an chéad spáslong go Véineas sa bhliain 1962 agus is iomaí árthach eile a cuireadh ann ó shin, an spásárthach Venera 7 de chuid na Rúise, an chéad árthach a thuirling ar phlainéad choimhthíoch, ina measc. Taiscéalaithe gan daoine a bhí iontu ar fad, ar ndóigh. Rachadh sé rite le duine daonna coinníollacha Véineas a sheasamh, fiú dá gcaithfeadh sé culaith spáis.