An difríocht idir athruithe ar: "An tSeirbea-Chróitis"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
+cat
No edit summary
Líne 3:
 
Dealraíonn sé gurbh é an teangeolaí Slóivéanach Jernej Kopitar ba luaithe a bhain úsáid as an téarma féin "Seirbea-Chróitis", cé gur féidir gurbh é an Slóvacach Pavel Jozef Šafárik a chéadcheap an focal. Ainm eile a bhí in úsáid san am ab ea é "Illíris", ach tá sé níos coitianta "Illíris" a thabhairt ar an tseanteanga hipitéiseach as ar fhorbair an [[Albáinis]]. Faoi lár na naoú haoise déag, chaighdeánaigh na teangeolaithe Seirbiacha agus Crótacha an teanga in éineacht, ionas go mbeadh sé indéanta úsáid a bhaint as na litreacha Coireallacha agus Laidineacha araon leis an teanga a bhreacadh síos. Ba é an béaloideasóir Seirbiach Vuk Stefanović Karadžić a bhí i gceannas ar an gcaighdeánú Coireallach, agus an Crótach Ljudevit Gaj agus an Seirbiach Đuro Daničić a shocraigh an ceartlitriú Laidineach. Bhí sé i gceist acu go mór mór go seasfadh gach litir Choireallach d'aon litir amháin sa leagan Laidineach agus a mhalairt, rud a fhágann go bhfuil leagan Seirbiach na haibítre Coireallaí sách difriúil leis an leagan Rúiseach. Mar shampla, is mar ''Югославия'' a scríobhann na Rúisigh ainm na hIúgslaive, ach is é ''Југославија'' an leagan Seirbise. (''Jugoslavija'' an litriú Cróitise.)
 
Is ar éigean a úsáideann na cainteoirí féin an téarma sin "Seirbea-Chróitis" inniu, ach mar sin féin tá sé praiticiúil "Seirbea-Chróitis" a thabhairt ar na leaganacha éagsúla caighdeánacha atá bunaithe ar an gcanúint úd ''novoštokavski''.
 
{{síol}}