An difríocht idir athruithe ar: "An tAigéan Atlantach"

Content deleted Content added
JhsBot (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Atlantic Ocean.png|deas|250px|thumb|Suíomh an Aigéin Atlantaigh.]]
[[Íomhá:View from Low Beach, Nantucket MA.jpg|deas|250px|thumb]]
Clúdaíonn an t'''Atlantach''' (uaireanta '''an tAigéan Atlantach''', nó '''An Fharraige Mhór''') limistéar 100,000,000 km², agus é ar an dara haigéan is mó ar [[domhan]] ó thaobh acra de. Is ó scaradh [[mór-roinn|mhór-roinne]] na h[[an Afraic|Afraice]] agus [[Meiriceá|Mheiriceá]] na miliúnta blian ó shin a cruthaíodh é. An doimhne is mó atá aige ná 9,560m (ag [[scoilt Phórtó Rícó]] atá sé seo). Ina lár tá sraith sléibhte fo-mhuireach, an [[Droim Lár-Atlantach]].
Síneann an tAtlantach ón [[an Eoraip|Eoraip]] siar go [[Meiriceá Thuaidh]], agus ó dheas idir [[Meiriceá Theas]] agus [[an Afraic]]. Clúdaíonn an t-aigéan an limistéar ar fad ón [[An tAigéan Artach|Artach]] ó dheas go dtí [[Antartaice]]. [[An tAtlantach Thuaidh]] a thugtar ar an gcuid ó thuaidh ón [[Meánchiorcal]], agus [[an tAtlantach Theas]] ar an gcuid ó dheas uaidh.