An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghaeilge"
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ca:Irlandès antic |
mNo edit summary |
||
Líne 1:
Sa [[7ú haois|tseachtú haois]] a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den [[Gaeilge|Ghaeilge]], '''an tSean-Ghaeilge''' ('''Guithealg''' nó '''Goidelc'''), ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí an tSean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna [[Laidin]]e, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí. De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na [[Rúraíocht]]a is na [[Fiannaíocht]]a. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta
Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní [[Ogham|Oghaim]] ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "Phágánta" na nOghamchloch.
|