An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Content deleted Content added
MystBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: pl:Geoffrey Keating
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 16:
== A shaothar ==
 
B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Chríochnaigh sé ''Foras Feasa ar Éirinn'' timpeall na bliana 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiúin a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar [[Gaeilge]] eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótáltanótáilte eile dá chuid ba ea ''Trí Bhior-Ghaoithe an Bháis''.
 
Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.