An difríocht idir athruithe ar: "Dáithí Ó hÓgáin"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
No edit summary |
||
Líne 1:
Ollamh le [[Béaloideas na hÉireann]] i g[[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath]]
Is iomaí leabhar atá scríofa aige – lena n-áirítear sé chnuasach [[filíocht]]a agus trí chnuasach gearrscéalta, ocht leabhar taighde, deich n-eagrán agus saothair níos éadroime – chomh maith le mórán altanna taighde faoi [[litríocht]], [[béaloideas]], [[stair]] agus sanaseolaíocht in irisí léinn agus i gciclipéidí. Sé leabhar déag atá scríofa aige i n[[Gaeilge]], seacht gcinn is fiche i mBéarla, agus dhá leabhar dhátheangach, agus tá eagráin éagsúla dá chuid leabhar foilsithe i dtíortha ar leith. Is san idirphlé idir béaloideas agus litríocht is mó atá a spéis chomh maith le léiriú na staire i bhfoinsí béaloidis agus an saibhriú a dhéanann an béaloideas ar an samhlaíocht aonair agus ar an gcultúr cruthaitheach.
|