An difríocht idir athruithe ar: "Cúige Uladh"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: id:Ulster
Líne 26:
== An Ghaeilge i gCúige Uladh ==
 
Labhraítear an [[Gaeilge|Ghaeilge]] mar [[gnáthurlabhra phobail|ghnáthurlabhra phobail]] inniu i nGaeltacht n[[TírGaeltacht]] Chonaill|Thír Chonaill]], i [[Contae Dhún na nGall|gContae Dún na nGall]]. Tá [[Gaeilge Uladh|canúint ar leith]] á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é [[an tAthair Lorcán Ó Muirí]] a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé [[Comhaltas Uladh]], an eagraíocht a dhéanann gnó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] sa Tuaisceart.
 
Tá [[gluaiseacht na Gaeilge]] láidir i d[[TuaisceartdTuaisceart Éireann]], agus is í cathair [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]] an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.
 
Níl a dhath fágtha de chanúintí traidisiúnta Oirthear Uladh, áfach, cé is moite d'fhoinsí scríofa, ar nós scríbhinní agus amhráin na bhfilí ón gcuid sin den chúige. Chuala an saol Gaeilge ar fad an t-amhrán ''Úirchill an Chreagáin'', mar shampla. B'iad [[Ó Méith]], [[Oileán Reachlainne]] agus [[Gleannta Aontroma]] na háiteanna deireanacha ansin ina labhraítí an Ghaeilge go nádúrtha. Bhí na canúintí seo cuíosach cosúil le [[Gaeilge na hAlban]], go háirithe canúint Oileán Reachlainne.