An difríocht idir athruithe ar: "Gleannta Aontroma"

Content deleted Content added
LaaknorBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: nn:Glens of Antrim
mNo edit summary
Líne 1:
Tá naoi ngleann i nGleannta [[Contae Aontroma|Aontroma]], nó i n'''Glinntí Aontroma''', mar a fhuaimnítear an logainm i gcanúint an Tuaiscirttuaiscirt. Tá siad suite in oirthuaisceart an chontae, ar an gcósta thoir, in [[Cúige Uladh|Ultaibh]]. Tagann go leor turasóirí go dtí na gleannta, ó tá an ceantar ag cur thar maoil le cuimhní na staire Gaelaí, agus tírdhreach cuidsúlach le feiceáil ansin. Níl an [[Gaeilge|Ghaeilge]] chomh beo agus a bhí sí tráth den tsaol, ach faoin am ar bunaíodh [[Conradh na Gaeilge]], bhí cuid mhaith cainteoirí líofa dúchais fágtha sna Gleannta go fóill, agus d'fhoghlaim daoine de sheanfhondúirí an Chonartha an teanga ansin. Is é [[Baile an Chaistil]] an áit is láidre ó thaobh na Gaeilge de ar na saolta seo. Tá Naíscoil agus Gaelscoil ann anois, agus neart imeachtaí, ranganna Gaeilge agus araile ar fáil sa sráidbhaile. Bhí [[Feis na nGleann]] ag cur na Gaeilge chun cinn go láidir uair den tsaol, ach inniu, is mó a dhíríonn an Fheis ar chúrsaí staire na háite, in áit an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.
Tá an [[ceol traidisiúnta]] fairsing sna Gleannta. Ar aon leis an nGaeilge, tá an ceol ag fás arís, ar an ábhar go bhfuil daoine óga ag cur spéise ann. Feictear ainmneacha na ngleannta scríofa thíos, ón tuaisceart go dtí an deisceart: