An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Líne 240:
Sa Tríú hAois, bhí dhá ríocht mhóra ag na Daoine in Iarthar an Mheán-domhain: Gondor agus [[Rocha]]. B'iad sliocht na bhFíréan ó Númenór a bhunaigh Gondor. Na Rochannaigh, arís, tháinig siadsan ó Thuaisceart an Mheán-domhain, agus ní raibh cultúr chomh forbartha acu agus ag muintir [[Gondor]]. Maidir leis na Númenóraigh ''nach'' raibh dílis d'Eru Ilúvatar, is é sin, lucht leanúna an Rí Ar-Pharazôn, bhí cuid dá sliochtsan le fáil sa Mheán-Domhan freisin, agus thugtaí "na Númenóraigh Dhubha" orthu. Is iomaí duine acu a bhí ar fiannas i sluaite armtha Sauron.
 
Nuair a d'imigh ríocht Arnor de dhroim an tsaoil i dtuaisceart an Mheán-domhain, chuaigh sliocht na bhFíréan ansin le fánaíocht sna coillte. Duine d'Fhánaithe an Tuaiscirt (''Rangers of the North'') ab ea é [[Aragorn]], nó an Taistealaí (''Strider''), a bhain amach ríchathaoir Gondor i ndeireadh Thiarna na bhFáinní.
 
Is iad na teangacha a bhí á labhairt ag na Daoine ná an teanga ''Adûnaic'' (i Númenór) agus ina dhiaidh sin, an teanga ''Westron'' nó "Comhchaint an Iarthair", an teanga choitianta ar fud an Mheán-domhain sa Tríú hAois. Bhí a dteanga féin ag na Rochannaigh, agus í gaolmhar leis an gComhchaint - rud a thug Tolkien in iúl trí hiad a chur ag labhairt Sean-Bhéarla. Iad siúd de mhuintir Númenór a d'fhan dílis do na hEilbh, bhí siad ag staidéar agus ag cleachtadh theangacha na nEalbh freisin. Bhí líofacht na dteangacha seo ag Aragorn, cuir i gcás. Maidir leis na Númenóraigh Dhubha, is dócha go raibh an teanga ''Adûnaic'' acu.