An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"

Content deleted Content added
Líne 230:
=== Na hAbhaic ===
 
De réir mar a d'inis Tolkien sa ''Silmarillion'', b'ba é Aulë a chruthaigh na hAbhaic. Ar dtús, ní raibh toil dá gcuid féin acu, agus ní raibh siad ábalta a dhath a dhéanamh as a stuaim féin: chaithfeadh Aulë iad a "chianrialú". Thuig Aulë ansin nach raibh sé in ann neacha intleachtúla a chruthú a bheadh inchurtha le clann Ilúvatar, agus d'ardaigh sé a chasúr leis na hAbhaic a scrios arís. Ansin, áfach, d'éalaigh na hAbhaic óna chasúr, nó bhí Eru tar éis trua a ghlacadh le hAulë agus A bheannacht a thabhairt dá obair.
 
Saoir chloiche sciliúla iad na hAbhaic, agus cónaí orthu i hallaí móra a ghearrann siad i gcloch na sléibhte. Is í an duáilce is mó a bhíonn acu ná an tsaint atá acu sa saibhreas agus san ór. Tá teanga dá gcuid féin acu, an teanga ''Khuzdul'', agus is é ''Khâzad'' a n-ainm sa teanga seo. Teanga rúnda í nach mbíonn á staidéar ach ag na hAbhaic féin, agus mar sin, níor bhac Tolkien ach cupla focal di a sholáthar. - is é sin, gáir chatha na nAbhac: ''Baruk Khâzad, Kházad ai-mênu!'' ("Tuanna na nAbhac, na hAbhaic anuas oraibh!") Is í Comhchaint an Iarthair an teanga a bhíonn siad a labhairt leis na ciníocha eile. Na hainmneacha atá orthu ina dteanga féin, tá siad chomh rúnda is nach mbreacann siad síos iad fiú ar a gcuid tuamaí. Na gnáthainmneacha "poiblí" a bhaist Tolkien orthu i dTiarna na bhFáinní, cosúil le ''Gimlí'', ''Glóin'', ''Trór'' agus ''Tráin'', fuair sé ón Íoslainnis (nó ón tSean-Lochlainnis) iad.
 
=== Na Daoine ===