Ba easpag ar [[Milano]] é '''Ambrós''' (Laidin:''Aurelius Ambrosius'') sa cheathrú aois a raibh mar dhuine de na daoine ba mhó thionchar san eaglais ag an am. Rugadh Ambrós idir 337 agus 340. Fuair sé oiliúntoiliúint i ndlí agus reitric agus bhí post aige mar státsheirbhíseach in [[Impireacht na Róimhe|Impire na Róimhe]]. Ag an bpointe sin, bhí príomhchathair na hImpire lonnaithe i Milano. Fuair easpag Mhilano bás i 374 agus thogadhthógadh Ambrós mar easpag, cé nach raibh sé báistebaiste ag an am. Báistíodh é, oirníodh ina shagart é agus ceapadh é mar Easpag Mhilano.
Bhí cáillcáil faoi leith ag Ambrós mar sheanmóirí. Chuaigh [[Naomh Agaistín]], nach raibh ina Chríostaí ag an am, chuig an ardeaglais i Milano chun éisteacht le Ambrós ag seanmóireacht. I 387, báistigh Ambrós Agaistín in Aifrinn Domhnaigh na Cásca.
Fuair sé bás ar 4ú Aibreán, 397 agus tá a lá féile ar 7ú Nollag.