An difríocht idir athruithe ar: "Panu Petteri Höglund"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Tá '''Panu Petteri Höglund''' ([[17 Mí na Samhna]] [[1966]] a rugadh é) arina dhuine de ghníomhaitheghníomhaí teanga agus litríochta de chuid na [[Gaeilge]] agus teangacha eile. [[An Fhionlainn|Fionlannach]] ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach [[an tSualainn|Sualannach]], agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhionlaigh. In [[Kalvola]] in aice le [[Hämeenlinna]] na Fionlainne a rugadh é, ach is in [[Varkaus]] in oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Chaith sé roinnt blianta ag staidéar [[ceimic]]e; ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an léann [[an Ghearmáin|Gearmánach]], [[an Pholainn|Polannach]] agus [[an Rúis|Rúiseach]] in ollscoil [[Túrcú|Åbo]] Akademi ina thír féin go dtí gur bhain sé amach céim M.A. sa bhliain 1997.
 
[[Aistritheoir]] gairmiúil atá ann. D'fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin. Tá an-eolas ar litríocht agus ar [[Gaeilge Uladh|chanúint Chúige Uladh]] aige. Tá suíomh idirlín fairsing ilteangach aige ina gcuireann sé cúis na Gaeilge chun cinn. Chomh maith lena chuid aistí faoi stair agus litríocht na Gaeilge tá [[úrscéal]] ''Tachtaimis an Grá Sin'', [[gearrscéal]]ta, cuimhní cinn, aistriúcháin agus aistí i dteangacha éagsúla scríofa aige. I Mí na Samhna, 2009, tháinig an t-úrscéal agus trí ghearrscéal i gcló faoi chlúdach aon leabhar amháin, ''[http://www.evertype.com/books/sciorrfhocail.html Sciorrfhocail]''.