An difríocht idir athruithe ar: "Nóbailiam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
}}
 
Is é an '''nóbailiam''' [[dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 102 sa [[tábla peiriadach]], agus is é an [[siombail cheimiceach|tsiombail]] a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná ''' No'''. Dúil shaorga radaighníomhach atá ann, nach bhfuil ar fáil sa dúlra, agus is ceann de na [[Achtainíd|hachtainídí]] é.
 
Glactar leis gurbh iad na saineolaithe Sóivéadacha in Dubna a chruthaigh na chéad adaimh nóibiliam sa bhliain 1966 - roimhe sin, mhaígh na Sualannaigh ó Institiúid Nobel agus na Meiriceánaigh ó Berkeley go raibh dúil uimhir a 102 aitheanta acu, ach níor thug Cumann Idirnáisiúnta na Ceimice (IUPAC) ná Cumann Idirnáisiúnta na Fisice (IUPAP) faomhadh do na fionnachtana seo. Ba iad na Sualannaigh agus ina ndiaidh sin na Meiriceánaigh a mhol an t-ainm "nóibiliam", ach b'fhearr leis na Rúisigh "joilióitiam" a bhaisteadh ar an dúil, i ndilchuimhne ar na fisiceoirí aithnidiúla Frédéric Joliot agus a bhean chéile Irène Joliot-Curie (iníon Marie Curie). Nuair a shocraigh Cumann Idirnáisiúnta na Ceimice SNA 1990idí gurbh iad na Rúisigh a rinne an fhionnachtain, ghlac sé leis an ainm "nóibiliam" go hoifigiúil, ó bhí an t-ainm sin in úsáid sa litríocht go forleathan le tríocha bliain anuas.
 
Is é nóibiliam a 259 an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ag an dúil seo, agus é ocht nóiméad déag is dhá scór ar leathré - beagnach uair an chloig, is é sin. Is dócha gur miotal é an nóibiliam a bhfuil loinnir gheal ann, ach níl a fhios againn é dháiríre: ní bheadh sé praiticiúil smután infheicthe nóibiliam a tháirgeadh, ós rud é go mbeadh foinse mharfach mhillteanach radaíochta ann.
 
Ní féidir mórán a fháil amach faoi shaintréithe ceimiceacha an nóibiliam ach an oiread, ach dealraíonn sé go bhfuil dhá staid ocsaídiúcháin aige sa tuaslagán uisce, mar atá, +2 agus +3, agus an dá ian seo timpeallaithe ag sé mhóilín uisce sa tuaslagán.
 
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]