An difríocht idir athruithe ar: "Canúint Ghaeilge Uladh"

Content deleted Content added
m Bot: gv:Yernish Ulley is a featured article
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Gaeilig in Uladh.jpg|thumb| An céatadán de na daoine i ngach limistéar riaracháin in [[Cúige Uladh|Ultaibh]] a bhfuil cumas acu Gaeilge a labhairt. (Contaetha de Phoblacht na hÉireann agus réimsí comhairle Dúiche Thuaisceart Éireann. ]]
Is [[canúint]] de chuid na [[Gaeilge]] í '''Gaeilge Uladh'''. Go bunúsach, is ionann Gaeilge Uladh inniu agus Gaeilge Thír Chonaill, ó chuaigh na canúintí dúchasacha in éag in Oirthear [[Uladh]] sa chéad leath den fhíchiú haois. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge Uladh agus na canúintí eile. Ós rud é go raibh an-údarás ag [[Gaeilge na Mumhan]] nuair a bhí teanga liteartha na Gaeilge á hathbheochan sa chéad leath den fhichiú haois, ba bheag duine taobh amuigh de [[Tír Chonaill|Thír Chonaill]] a raibh eolas aige ar chanúint an chúige.
 
Inniu féin, bíonn foghlaimeoirí na teanga níos aineolaí ar shaintréithre Ghaeilge Uladh ná ar na canúintí eile. Mar sin, ní bhíonn eagarthóirí na meán Gaeilge sásta gan ghramadach na scríbhneoirí Ultacha a cheartú agus a chaighdeánú le lámh láidir, siúd is go mbeidís iontach fáiltiúil roimh chanúnachas de chuid na Mumhan. Ós rud é go bhfuil formhór mór na nGaeilgeoirí tar éis súil a chaitheamh ar chlasaicigh na Mumhan, ar nós Peig agus An tOileánach, tá sé sábháilte a chreidiúint go dtuigfidh na léitheoirí an chanúint. Ní bhíonn na clasaicigh Ultacha á léamh chomh forleathan sin, áfach.