An difríocht idir athruithe ar: "Údar (sraith TG4)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le ' {{Bosca_Sonraí_Clár_teilifíse | ainm_cláir = Údar | íomhá = | fotheideal = Béarla | seánra = Sraithdhráma | am_reatha = 23 nóiméad | dearth...'
 
No edit summary
Líne 17:
}}
Sraith ghearrscannán ar [[TG4]], craoladh den chéad uair i dtús [[2011]], ag léiriú tallann nua stiúrthóireachta agus scribhneoireachta i ndrámaíocht [[Teilifíse na Gaeilge]] <ref>[ http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal, Déardaoin, 24 Nollaig 2010]</ref>
Sa tsraith drámaíochta ‘Údar’, tá saothar clasaiceach próis na [[Gaeilge]] athscríofa don scáileán beag ar bhealach físiúil cruthaitheach. Is iad na mórscríbhneoirí a bhfuil athchóiriú déanta ar a gcuid saothair ná [[Pádraig Ó Conaire]], [[Pádraig Mac Piarais]], [[Liam Ó Flaithearta]], [[Micheál Ó Conghaile]] agus [[Pádraig Ó Siadhail]].
== Stair ==
Tugann scríbhneoirí agus stiúrthóirí ár linne léargas úr dúinn ar na mothúcháin chéanna a chuaigh i bhfeidhm ar scríbhneoirí agus ar léitheoirí thar na blianta agus a théann i bhfeidhm orainne sa lá atá inniu ann: an grá, an streachailt, an cruachás, an dúil agus na gnéithe uile a mbíonn tionchar acu ar an gcine daonna. Bua na mharthanais, coimhlint, grá agus éad, seo cuid de thréithe an duine a bheidh le feiceáil sa sé ghearrcscannáin 'Údar', dar le , dar le [ http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal].
 
 
Líne 28:
Roimh Údar, chuir TG4 tús le scéim fhorbatha nua, Síol. Thug Síol deis, chomh maith le Údar, do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Thug Síol deis do sheisear scríbhneoirí agus stiúrthóirí píosaí nua oibre a fhorbairt faoi theagascóirí saineolaithe i scríbhneoireacht scripteanna agus i stiúradh teilifíse araon. Trí shraith ceardlanna tionscnamh-bhunaithe, threoraigh Síol na scríbhneoirí trí gach céim ón script go dtí an léiriúchán, rud a d’fhorbair a gcuid scileanna agus a chuir sé dhráma nua teilifíse ar fáil go healaíonta agus ar ardchaighdeán.
Forbraíodh an tsraith dhrámaíochta Údar thar tréimhse sé mhí le ceardlanna agus máistir-ranganna le leithéidí an stiúrthóra Dearbhla Walsh, a bhfuil gradam Emmy buaite aici dá gcuid stiúrthóireachta.
Ba é ar mhúnla oiliúna a forbraíodh an comhfhiontar seo idir [[TG4]] agus Líonra Meán Skillnet le tacaíocht ó [http://www.bai.ie/?lang=ga Údarás Craolacháin na hÉireann]. Bhí meascán de stiúrthóirí, scríbhneoirí agus aisteoirí seanbhunaithe agus nua páirteach ann, dar le [ http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal].
Ar an dá scéim a léiríodh [[TG4]], Síol agus Údar, bhí 12 gearr scannáin léirithe don scáileán beag.
 
Líne 36:
Chuir tús leis an tsraith seo ar TG4 leis an ngearrscannán ‘Malartú Intinne’ faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí. Is scéal é seo atá suite i nGaeltacht [[Ceanada | Cheanada]] agus é bunaithe ar ghearrscéal le [[Pádraig Ó Siadhail]], ‘Uisce Breallántachta’.
Ag deireadh an chogaidh in [[1945]], tá Aisling agus a clann ag tnúth go mór lena fear céile, Eoghan, a fhéiceáil atá ar an mbealach abhaile ón gcogadh. Tá cónaí oraibh i d[[Talamh an Éisc]]. Nuair nach labhrann Eoghan teanga Gaeilge an teaghlaigh cuireann se strus agus imní ar Aisling, nuair a thuigeann sí nach bhfuil an Ghaeilge ar a cumas aige a thuilleadh, ach an Béarla amháin. Tuigtear dhe gur mar gheall ar chruachas an chogaidh is cúis leis, ach an bhfuil fáth éigin eile nach bhfuil ach Béarla ag a fear céile?
Cé go bhfuil an scéal bunaithe i dTalamh an Éisc is i gceantar an [[Spidéil]] i g[[Contae na Gaillimhe]] a rinneadh an taifead agus é sách deacair ag an stiúrthóir láthair a roghnú don taifead i gceartlár [[Cois Fharraige | Chois Fharraige]] a bhí cosúil le [[Ceanada]] i [[1945]]. Bhí an t-ádh ar Ó Scolaí teacht ar charr a bhí déanta i gCeanada i [[1944]] agus tá suímh áille aimsithe acu a bhfuil fírinneacht na haoise sin le tuiscint uathu. Is é Tom Ó Suilleabháin atá i bpríomhpháirt an tsaighdiúra atá ag streachailt agus é ag iarraidh dul i dtaithí ar a shaol tar éis an chogaidh. Bhí scoth na haisteoireachta le feiceáil uaidh, dar le [ http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal].
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M An t-Ádh]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M] ‘An t-Ádh’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Colm Bairéad [[13 Eanáir]], [[2011]] ===
Bunaithe ar shaothar [[Padraic Ó Conaire]] feictear dúinn gur iomaí casadh aisteach atá sa saol seo, ach céard go díreach atá i ndán do Liam nuair a dhéanfainn sé cinneadh dul go h-[[Árann]] chuig cluiche peile, agus iad ar thóir bealach ar bith chun iad a thabhairt ann. Nuair nach bhfuil ach spás do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam suas le plean a chuireann cruth tragóideach ar a shaol. Sa deireadh thiar thall roghnaíonn siad dul i bhfolach ar bhád iascaireachta, ach níl spás ach do bheirt ann, rud a chiallaíonn go bhfágtar Liam sa bhaile agus é croí-cráite dá dheasca. Ach an leisean atá an t-ádh i ndeireadh an lae? Seo lá den tsaol nach ndéanfaidh Liam dearmad ar go deo. Éisteacht go géar leis an amhrán ag an deireadh, é canta ag duine eile de na príomhcharachtair, Bertie Ó Domhnaill.
Scéal álainn, mealltach is ea ‘An t-Ádh’, dar le [ http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], a léiríonn an caidreamh idir cairde go soiléir agus iad ar thóir na heachtraíochta. Ba í Medb Johnston a scríobh ‘An t-Ádh’ bunaithe ar ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire. Tá an script nádúrtha agus é curtha inár láthair trí aisteoireacht le triúr aisteoirí óga, go háirithe Éamonn Ó Ceallaigh atá i bpáirt an phríomhcharachtair. Luíonn an stíl stiúrthóireachta go réidh le scéalaíocht na scripte, í ag luascadh go compordach le casadh an scéil.
Is seanscéal é seo faoin gcairdeas idir buachaillí óga agus iad ar thóir eachtraíochta, ach is aistear é a iompaíonn ina thragóid. Léirítear meas sa chlár seo ar an scéalaíocht trí na focail agus tríd an bhfísiúlacht faoi stiúir ag Colm Bairéad.
 
Líne 57:
Dar le [ http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], díríonn an scéal seo ar ghnáthfhear agus é ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh dul i ngleic lena chuid féinmhuiníne agus é ag obair le daoine nach bhfuil uathu ach é a chur faoi chois. Ní go deireadh an scannáin seo, stiúrtha ag Marion Ní Loingsigh, a fheiceann muid go bhfuil seans ann cúrsaí idir an mac agus an t-athair a chur ina gceart tar éis eachtra fisiciúla. Is iad Mícheál Ó Dubhghaill agus Eoin Ó Dubhghaill atá i bpáirt an athar agus an mhic agus an teannas fadtéarmach eatarthu le haireachtáil.
 
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=UEXeTDVxAn4 An Seabhac]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=UEXeTDVxAn4] ‘An Seabhac’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Trevor Laffey [[10 Feabhra]], [[2011]]===
Tá saothar [[Liam Ó Flaithearta]] tugtha chun beocht san scannán seo mar dhornálaí fíochmhar a dhéanadh rud ar bith chun a chlann a chosaint. Bíonn air troid ar son a bheatha, a chlainne agus a mhoráltachta sa scannán seo atá scríofa ag Tomás Seoighe. Cé go dtugtar ‘an Seabhac’ ar an dornálaí is léir go bhfuil níos mó ná éan seilge amháin sa scéal nuair a thugtar deis don dornálaí mála mór airgid a thabhairt abhaile leis ach titim i mbabhta ceannais dornálaíochta. Tá impleachtaí dainséarach i gceist ár ndóigh nuair a dhéanfainn sé cinneadh marfach a d'fhéadfadh é féin a scriosadh chomh maith leis a chlann. An bhfaigheadh an mórtas an ceann is fearr ar 'An Seabhac' agus an ngéilleadh sé don saol coiriúlacht, nó an éistigh sé lena chroí agus an bóthar ceart a roghnú? Tá cinneadh mór amach roimhe.
Pól Ó Gríofa atá i bpáirt an dornalaí fhíochmhair agus is é Pádraig Ó Tuairisg atá i bpáirt an duine atá ag iarraidh é a chur ar an mbóthar mícheart. Is é Trevor Laffey a stiúraigh an scannán seo agus tá allas, fuil agus foréigean na dornálaíochta le feiceáil go soiléir ann, taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne dornálaíochta.