An difríocht idir athruithe ar: "Údar (sraith TG4)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 19:
Sraith ghearrscannán ar [[TG4]], craoladh den chéad uair i dtús [[2011]], ag léiriú tallann nua stiúrthóireachta agus scribhneoireachta i ndrámaíocht Teilifíse na Gaeilge<ref>[http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal, Déardaoin, 24 Nollaig 2010]</ref>
Sa tsraith drámaíochta ‘Údar’, tá saothar clasaiceach próis na [[Gaeilge]] athscríofa don scáileán beag ar bhealach físiúil cruthaitheach. Is iad na mórscríbhneoirí a bhfuil athchóiriú déanta ar a gcuid saothair ná [[Pádraig Ó Conaire]], [[Pádraig Mac Piarais]], [[Liam Ó Flaithearta]], [[Micheál Ó Conghaile]] agus [[Pádraig Ó Siadhail]].
 
 
== Stair ==
Tugann scríbhneoirí agus stiúrthóirí ár linne léargas úr dúinn ar na mothúcháin chéanna a chuaigh i bhfeidhm ar scríbhneoirí agus ar léitheoirí thar na blianta agus a théann i bhfeidhm orainne sa lá atá inniu ann: an grá, an streachailt, an cruachás, an dúil agus na gnéithe uile a mbíonn tionchar acu ar an gcine daonna. Bua na mharthanais, coimhlint, grá agus éad, seo cuid de thréithe an duine a bheidh le feiceáil sa sé ghearrcscannáin 'Údar', dar le , dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal].
Line 35 ⟶ 37:
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=XQB216HZJRc Malartú Intinne]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=XQB216HZJRc] ‘Malartú Intinne’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí [[6 Eanáir]], [[2011]] ===
Chuir tús leis an tsraith seo ar TG4 leis an ngearrscannán ‘Malartú Intinne’ faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí. Is scéal é seo atá suite i nGaeltacht [[Ceanada | Cheanada]] agus é bunaithe ar ghearrscéal le [[Pádraig Ó Siadhail]], ‘Uisce Breallántachta’.
 
Ag deireadh an chogaidh in [[1945]], tá Aisling agus a clann ag tnúth go mór lena fear céile, Eoghan, a fhéiceáil atá ar an mbealach abhaile ón gcogadh. Tá cónaí oraibh i d[[Talamh an Éisc]]. Nuair nach labhrann Eoghan teanga Gaeilge an teaghlaigh cuireann se strus agus imní ar Aisling, nuair a thuigeann sí nach bhfuil an Ghaeilge ar a cumas aige a thuilleadh, ach an Béarla amháin. Tuigtear dhe gur mar gheall ar chruachas an chogaidh is cúis leis, ach an bhfuil fáth éigin eile nach bhfuil ach Béarla ag a fear céile?
 
Cé go bhfuil an scéal bunaithe i dTalamh an Éisc is i gceantar an [[Spidéil]] i g[[Contae na Gaillimhe]] a rinneadh an taifead agus é sách deacair ag an stiúrthóir láthair a roghnú don taifead i gceartlár [[Cois Fharraige | Chois Fharraige]] a bhí cosúil le [[Ceanada]] i [[1945]]. Bhí an t-ádh ar Ó Scolaí teacht ar charr a bhí déanta i gCeanada i [[1944]] agus tá suímh áille aimsithe acu a bhfuil fírinneacht na haoise sin le tuiscint uathu. Is é Tom Ó Suilleabháin atá i bpríomhpháirt an tsaighdiúra atá ag streachailt agus é ag iarraidh dul i dtaithí ar a shaol tar éis an chogaidh. Bhí scoth na haisteoireachta le feiceáil uaidh, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal].
 
Line 41 ⟶ 45:
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M An t-Ádh]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M] ‘An t-Ádh’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Colm Bairéad [[13 Eanáir]], [[2011]] ===
Bunaithe ar shaothar [[Padraic Ó Conaire]] feictear dúinn gur iomaí casadh aisteach atá sa saol seo, ach céard go díreach atá i ndán do Liam nuair a dhéanfainn sé cinneadh dul go h-[[Árann]] chuig cluiche peile, agus iad ar thóir bealach ar bith chun iad a thabhairt ann. Nuair nach bhfuil ach spás do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam suas le plean a chuireann cruth tragóideach ar a shaol. Sa deireadh thiar thall roghnaíonn siad dul i bhfolach ar bhád iascaireachta, ach níl spás ach do bheirt ann, rud a chiallaíonn go bhfágtar Liam sa bhaile agus é croí-cráite dá dheasca. Ach an leisean atá an t-ádh i ndeireadh an lae? Seo lá den tsaol nach ndéanfaidh Liam dearmad ar go deo. Éisteacht go géar leis an amhrán ag an deireadh, é canta ag duine eile de na príomhcharachtair, Bertie Ó Domhnaill.
 
Scéal álainn, mealltach is ea ‘An t-Ádh’, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], a léiríonn an caidreamh idir cairde go soiléir agus iad ar thóir na heachtraíochta. Ba í Medb Johnston a scríobh ‘An t-Ádh’ bunaithe ar ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire. Tá an script nádúrtha agus é curtha inár láthair trí aisteoireacht le triúr aisteoirí óga, go háirithe Éamonn Ó Ceallaigh atá i bpáirt an phríomhcharachtair. Luíonn an stíl stiúrthóireachta go réidh le scéalaíocht na scripte, í ag luascadh go compordach le casadh an scéil.
 
Is seanscéal é seo faoin gcairdeas idir buachaillí óga agus iad ar thóir eachtraíochta, ach is aistear é a iompaíonn ina thragóid. Léirítear meas sa chlár seo ar an scéalaíocht trí na focail agus tríd an bhfísiúlacht faoi stiúir ag Colm Bairéad.
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU Jesus, Mary & Mattie]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU] ‘Jesus, Mary & Mattie’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Diarmuid Goggins [[20 Eanáir]], [[2011]] ===
Tá an scannán seo bunaithe ar bunscéal le [[Pádraig Mac Piarais]]. Tá luathnéaltrú ar Mattie bhocht agus é ag fanacht go dtógfar ón tsaol seo é. Cailleadh a bhean céile os cionn deich mbliana ó shoin agus níl aon spioraid fágtha ina shaol dá bharr. Tá faitíos ar an seanfhear roimh an domhan mór agus nach bhfuil uaidh ach é a fhágáil agus bualadh lena bhean chéile arís sna flaithis. De thimpist, castar Mary leis, cailín óg fuinniúl agus Jesus, buachaill óg ón m[[Brasíl]]. Téann siad ar thuras, ní amháin go fisiciúl, ach ar thuras intinne a thugann sólás do Mhattie - a lá dheireadh ar an tsaol seo.
 
Sí scríbhneoir an scéil seo, Doireann Ní Chorragáin (ghlac sí páirt mar Ali in Fair City). Seasann Úna Ní Fhlatharta amach i bpáirt Mary sa scannán seo, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], agus í soineanta agus lán le beocht na hóige agus grá don saol agus is í a théann i bhfeidhm ar an seanfhear Mattie agus a thugann beagán sóláis dó. Léirítear an ghruaim agus an dólás atá ar Mattie trí radhairc dhorcha, ghruama a léiríonn go bhfuil néaltrú ag teacht ar Mattie. Is é Diarmuid Goggins a stiúraigh an scannán seo agus is é Breandán Conroy, de cháil Kings, atá i bpáirt Mattie.
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=3Ztbqo7yfRA Seacht gCéad Uaireadóir]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=3Ztbqo7yfRA] ‘Seacht gCéad Uaireadóir’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Tomás Seoighe [[27 Eanáir]], [[2011]] ===
Bhí an scéal scríofa ag Greg Ó Braonáin ach bunaithe ar ghearrscéal le [[Micheál Ó Conghaile]], dírítear ar choimhlint an tsaoil nua-aimseartha i leith úsáide agus mí-úsáide an ama. Is cur síos é ar choimhlint an tsaoil nua aimseartha coimpléasach leis an tsean tsaoil atá caite.
 
Téann fear óg (Seán T Ó Ceallaigh) ag spaisteoireacht lá sa chathair agus é lán lena thábhacht féin go dtí go mbuaileann sé isteach ar shiopa lán le huaireadóirí, nó an é an t-am? Tá an fear óg ag iarraidh roinnt ama a chaitheamh sa gcathair Feiceann sé sean shiopa lán le cloig agus uaireadóirí, nach luíonn le saol nua aimseartha na h-áite amuigh.. Tugann úinéir an tsiopa seo rabhadh don fhir óg faoi mí-úsáid ama dhé agus an bealach fánach ina n-úsáidtear é. Is é Macdara Ó Fátharta atá i bpáirt úinéir an tsiopa agus cur i láthair cumhachtach aige mar an t-úinéir aisteach a bhfuil smacht iomlán aige ar an am agus ar shaol an tsiopa.
 
Scéal aisteach, draíochtúil, mealltach agus mearbhlach é ‘Seacht gCéad Uaireadóir’, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], a bhfuil ardchaighdeán scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta lámh le láimh ann. Coinnigh súil amach don anamúlacht stoptha (stop motion) a chuireann go mór le láidreacht na scéalaíochta agus éist le fuaim na gclog sa scannán seo faoi stiúir ag Tomás Seoighe.
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=dqFwRSbGbkY An Buille]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=dqFwRSbGbkY] ‘An Buille’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Marion Ní Loingsigh [[3 Feabhra]], [[2011]] ===
Tá an scannán ‘An Buille’ scríofa ag Tristan Rosenstock agus bunaithe ar ghearrscéal le [[Liam Ó Flaithearta]]. Cuireann sé an spotsolais ar an streachailt a bhaineann le caidreamh idir mac agus athair. De bharr trioblóidí airgeadais agus brú oibre, níl gaolú ró-láidir idir mac agus athair, go dtí lá amháin nuair nach bhfuil aon rogha acu ach an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile. Tagann casadh ar an scéil ár ndóigh nuair a tharlaíonn eachtra fisiciúl idir na beirte. Gan mórán cumarsáid idir iad, i rith an tsaol, tagann athrú suntasach ar an ngaolú místuama seo, agus b'fhéidir seans nua acu rudaí a chuir ina gceart.
 
Dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], díríonn an scéal seo ar ghnáthfhear agus é ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh dul i ngleic lena chuid féinmhuiníne agus é ag obair le daoine nach bhfuil uathu ach é a chur faoi chois. Ní go deireadh an scannáin seo, stiúrtha ag Marion Ní Loingsigh, a fheiceann muid go bhfuil seans ann cúrsaí idir an mac agus an t-athair a chur ina gceart tar éis eachtra fisiciúla. Is iad Mícheál Ó Dubhghaill agus Eoin Ó Dubhghaill atá i bpáirt an athar agus an mhic agus an teannas fadtéarmach eatarthu le haireachtáil.
 
Line 60 ⟶ 70:
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=UEXeTDVxAn4 An Seabhac]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=UEXeTDVxAn4] ‘An Seabhac’ ar YouTube</ref>, faoi stiúir ag Trevor Laffey [[10 Feabhra]], [[2011]]===
Tá saothar [[Liam Ó Flaithearta]] tugtha chun beocht san scannán seo mar dhornálaí fíochmhar a dhéanadh rud ar bith chun a chlann a chosaint. Bíonn air troid ar son a bheatha, a chlainne agus a mhoráltachta sa scannán seo atá scríofa ag Tomás Seoighe. Cé go dtugtar ‘an Seabhac’ ar an dornálaí is léir go bhfuil níos mó ná éan seilge amháin sa scéal nuair a thugtar deis don dornálaí mála mór airgid a thabhairt abhaile leis ach titim i mbabhta ceannais dornálaíochta. Tá impleachtaí dainséarach i gceist ár ndóigh nuair a dhéanfainn sé cinneadh marfach a d'fhéadfadh é féin a scriosadh chomh maith leis a chlann. An bhfaigheadh an mórtas an ceann is fearr ar 'An Seabhac' agus an ngéilleadh sé don saol coiriúlacht, nó an éistigh sé lena chroí agus an bóthar ceart a roghnú? Tá cinneadh mór amach roimhe.
 
Pól Ó Gríofa atá i bpáirt an dornalaí fhíochmhair agus is é Pádraig Ó Tuairisg atá i bpáirt an duine atá ag iarraidh é a chur ar an mbóthar mícheart. Is é Trevor Laffey a stiúraigh an scannán seo agus tá allas, fuil agus foréigean na dornálaíochta le feiceáil go soiléir ann, taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne dornálaíochta.