An difríocht idir athruithe ar: "Údar (sraith TG4)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 42:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M An t-Ádh]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M] ‘An t-Ádh’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Colm Bairéad [[13 Eanáir]], [[2011]] ===
Bunaithe ar shaothar [[Padraic Ó Conaire]] feictear dúinn gur iomaí casadh aisteach atá sa saol seo, ach céard go díreach atá i ndán do Liam nuair a dhéanfainn sé cinneadh dul go h-[[Árann]] chuig cluiche peile, agus iad ar thóir bealach ar bith chun iad a thabhairt ann. Nuair nach bhfuil ach spás do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam suas le plean a chuireann cruth tragóideach ar a shaol. Sa deireadh thiar thall roghnaíonn siad dul i bhfolach ar bhád iascaireachta, ach níl spás ach do bheirt ann, rud a chiallaíonn go bhfágtar Liam sa bhaile agus é croí-cráite dá dheasca. Ach an leisean atá an t-ádh i ndeireadh an lae? Seo lá den tsaol nach ndéanfaidh Liam dearmad ar go deo. Éisteacht go géar leis an amhrán ag an deireadh, é canta ag duine eile de na príomhcharachtair, Bertie Ó Domhnaill.
 
Líne 49:
Is seanscéal é seo faoin gcairdeas idir buachaillí óga agus iad ar thóir eachtraíochta, ach is aistear é a iompaíonn ina thragóid. Léirítear meas sa chlár seo ar an scéalaíocht trí na focail agus tríd an bhfísiúlacht faoi stiúir ag Colm Bairéad.
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU Jesus, Mary & Mattie]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU] ‘Jesus, Mary & Mattie’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Diarmuid Goggins [[20 Eanáir]], [[2011]] ===
Tá an scannán seo bunaithe ar bunscéal le [[Pádraig Mac Piarais]]. Tá luathnéaltrú ar Mattie bhocht agus é ag fanacht go dtógfar ón tsaol seo é. Cailleadh a bhean céile os cionn deich mbliana ó shoin agus níl aon spioraid fágtha ina shaol dá bharr. Tá faitíos ar an seanfhear roimh an domhan mór agus nach bhfuil uaidh ach é a fhágáil agus bualadh lena bhean chéile arís sna flaithis. De thimpist, castar Mary leis, cailín óg fuinniúl agus Jesus, buachaill óg ón m[[Brasíl]]. Téann siad ar thuras, ní amháin go fisiciúl, ach ar thuras intinne a thugann sólás do Mhattie - a lá dheireadh ar an tsaol seo.
 
Sí scríbhneoir an scéil seo, Doireann Ní Chorragáin (ghlac sí páirt mar Ali in Fair City). Seasann Úna Ní Fhlatharta amach i bpáirt Mary sa scannán seo, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], agus í soineanta agus lán le beocht na hóige agus grá don saol agus is í a théann i bhfeidhm ar an seanfhear Mattie agus a thugann beagán sóláis dó. Léirítear an ghruaim agus an dólás atá ar Mattie trí radhairc dhorcha, ghruama a léiríonn go bhfuil néaltrú ag teacht ar Mattie. Is é Diarmuid Goggins a stiúraigh an scannán seo agus is é Breandán Conroy, de cháil Kings, atá i bpáirt Mattie.
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=3Ztbqo7yfRA Seacht gCéad Uaireadóir]’<ref>[ http://www.youtube.com/watch?v=3Ztbqo7yfRA] ‘Seacht gCéad Uaireadóir’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Tomás Seoighe [[27 Eanáir]], [[2011]] ===
Bhí an scéal scríofa ag Greg Ó Braonáin ach bunaithe ar ghearrscéal le [[Micheál Ó Conghaile]], dírítear ar choimhlint an tsaoil nua-aimseartha i leith úsáide agus mí-úsáide an ama. Is cur síos é ar choimhlint an tsaoil nua aimseartha coimpléasach leis an tsean tsaoil atá caite.