An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Tyers"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 6:
Bhí Gaoluinn fós le cloisint sa cheantar agus ba é an file [[Pádraig Ó Miléadha]] a mhúin an teanga do Phádraig óg agus é ag freastal ar bhunscoil ann. Ghnóthaigh sé scoláireacht go meánscoil Chnoc Mheilearaí. Ba é Mícheál Feirtéar as [[Corca Dhuibhne]] a mhúinteoir Gaeilge sa scoil sin. D'éirigh go maith le Pádraig agus na daltaí eile: don Arteist rinne siad staidéar ar an leabhar ''[[Gnás na Gaeidhilge]]'' le [[Cormac Ó Cadhlaigh]], a bhíodh ar shiollabas ollscoile seachas meánscoile: chomh maith leis sin léigh siad ''[[An tOileánach]]'' le [[Tomás Ó Criomhthainn]].
 
I ndeireadh a théarma sa scoil sin, ghnóthaigh Pádraig Tyers scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus thosnaigh ar a chúrsa léinn ann i bhfómhar na bliana 1943. Gaeilge agisagus Laidean, agus an Ghréigis mar anlann leo, a bhí ag Tyers chun a chéime BA.
 
== Peil agus iomáint ==