An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúisis"

m (r2.7.2) (róbat ag suimiú: xmf:ბელარუსული ნინა)
Maidir leis na briathra, tá dhá ghné acu, an ghné neamhchríochnaithe agus an ghné chríochnaithe, agus iad á n-úsáid ar dhóigh atá sách cosúil leis na teangacha Slavacha eile. Is é sin, tá trí aimsir ag an mbriathar neamhchríochnaithe, mar atá, an aimsir láithreach, an aimsir fháistineach chomhshuite, agus an aimsir chaite. Tugann an aimsir láithreach le fios an rud atá díreach ag tarlú. An aimsir fháistineach chomhshuite, arís, tagraíonn sé d'imeachtaí nó do ghníomhartha sa todhchaí a bheidh ag tarlú, ach ní luaitear aon aidhm leo, agus ní thugtar le fios go mbainfear an aidhm sin amach. Tá an fhoirm seo comhshuite toisc go mbíonn dhá fhocal ann: infinideach an bhriathair agus é ag teacht ar lorg foirmeacha fáistineacha an bhriathair úd "bheith".
 
Ar ndóigh, tráchtann aimsir chaite an bhriathair neamhchríochnaithe d'ar imeachtaí a bhí ag titim amach, ach arís, ní deirtear, ar sroicheadh aidhm nó cuspóir. Tá dhá aimsir ag na briathra críochnaithe, is é sin, an fáistineach simplí agus an aimsir chaite. Cruthaítear foirmeacha an fháistinigh shimplí trí iarmhíreanna na haimsire láithrí a chur leis an tamhan, ach ós rud é go bhfuil ciall chríochnaithe leis an mbriathar, is í an chiall a bhainfear as na foirmeacha seo ná ciall an ghnímh a chríochnófar (agus a shroichfidh a chuspóir) sa todhchaí. Ar dhóigh cosúil leis, tagraíonn aimsir chaite na gné críochnaithe do ghníomh a críochnaíodh cheana agus a bhain amach a ainm.
 
Tugann gramadóirí áirithe Bealarúiseacha le fios go bhfuil córas na mbriathar níos casta ná sin sa Bhealarúisis, is é sin, go bhfuil aimsir ollfhoirfe sa Bhealarúisis freisin. Níltear ar aon fhocal, an foirm bheo í i gcónaí, nó an bhfuil na gramadóirí seo ag iarraidh béim ar leith a chur ar an difríocht idir an Bhealarúisis agus an Rúisis trí shúil a tharraingt ar fhoirm mharbh nó chanúnach nach gcloistear sa ghnáthchaint.