An difríocht idir athruithe ar: "An Cogadh Fuar"

Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: as:শীতল যুদ্ধ; athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Reagan and Gorbachev hold discussions.jpg|thumb|right|300px|Is iad na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus [[an tAontas Sóivéadach]] na dhá sárchumhachtaí sa Chogadh Fuar.]]
 
Is é atá i gceist leis '''an gCogadh Fuar''' ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san [[20ú haois]] idir na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] is an [[caipitleachas]] ar aon taobh amháin, agus [[an tAontas Sóivéadach]] is an [[cumannachas]] ar an taobh eile. Bhailigh an bheirt acu a gcuid comhghuaillithe féin chucu le tacaíocht a fháil, ach ba mhinic a chaithfidís an tacaíocht sin a mhealladh uathu le lámh láidir. Deirtear gur tosaíodh an cogadh timpeall na bliana [[1947]], ag deireadh an [[Dara Cogadh Domhanda]], agus mhair sé go dtí na [[1990idí]], a fhad is a mhair an tAontas Sóivéadach.
 
Ní raibh an dá mhórchumhacht féin ag cur mórán troda ar a chéile go díreach, ach ba mhinic a bhí siad ag tabhairt tacaíochta do thaobhanna éagsúla i gcoimhlintí áitiúla go háirithe sa [[Tríú Domhan]], rud a mhéadaigh ar an gcruatan inar fágadh na gnáthshibhialaigh ina leithéid de chás. Ba í an ghné ba dainséaraí den Chogadh Fhuar ná go raibh airm núicléacha ag an mbeirt, agus bhí sé incheaptha go mbrisfeadh cogadh núicléach amach eatarthu - fiú de thaisme. Cúpla uair, ba dhóbair nár bhris, is é sin, le linn [[Géarchéim na nDiúracán i gCúba|ghéarchéim na ndiúracán i gCúba]] agus i bhFómhar na bliana [[1963]]. Ar ámharaí an tsaoil, seachnaíodh an cogadh núicléach sin.
 
Ba iad [[Bernard Baruch]], a bhí ina chomhairleoir ag an Uachtarán [[Harry Truman]], agus [[Walter Lippmann]], scríbhneoir agus iriseoir, ba thúisce a thosaigh ag labhairt faoi "chogadh fuar", thiar sa bhliain 1947, agus iad ag tagairt don teannas a bhí ag dul i méadaíocht idir an tIarthar agus an tAontas Sóivéadach. Nuair a chuaigh na Boilséivigh i gceannas ar [[an Rúis]] sa bhliain [[1917]], d'éirigh an tIarthar an-bhuartha faoi cé chomh meáite agus a bhí siad ar an réabhlóideachas a spreagadh taobh amuigh den Rúis. Sna blianta idir an dá chogadh domhanda, is beag a chuaigh an réabhlóid dhomhanda sin chun cinn, ach níor bhain sin mórán den eagla a bhí ar an Iarthar roimh an gcumannachas. Sa bhliain [[1941]], d'ionsaigh na Gearmánaigh an tAontas Sóivéadach, a chuaigh i gcomhghuaillíocht leis na cumhachtaí Iartharacha, ach i ndiaidh an chogaidh, tháinig scoilt eatarthu arís.