An difríocht idir athruithe ar: "Domhnach Broc"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 19:
Ciallaíonn Domhnach Broc ''Cill Naomh Broc''. Bean de sheachtar iníonacha [[Dallbronach|Dhallbhronaigh]] ó [[Contae na Mí|Chontae na Mí]] ab ea Broc. Deirtear gur bhunaigh Broc clochar ar bhruach na [[An Dothra|Dothra]] san ochtú haois, agus tá stáisiún na nGardaí agus reilig suite ansin anois.
 
[[Íomhá:Donnybrook, Dublin.jpg|mion|225 px|clé|Sráid i nDomhnach Broc]]
I ngnáthchaint an Bhéarla, baintear úsáid as leagan Béarla an logainm, ''Donnybrook'', le tagairt do chíréibí is do scliúchais. Creidtear gurbh é aonach Dhomhnach Broc is bunús don fhocal seo. Bhí aonach aithnidiúil i nDomhnach Broc ón meánaois i leith, ach má bhí, chuala an saol mór iomrá ar an meisceoireacht a bhain leis an aonach agus ar an mbruíonachas is ar an mbrilsce a tháinig sna sálaí ag an meisce. Bhí an foréigean chomh dona is gur éiligh [[an Eaglais Chaitliceach]] cosc a chur leis an aonach, agus sa bhliain 1855, tháinig deireadh leis. Níl de chuimhne ar an aonach inniu ach ainm an ollmhargaidh úd ''Donnybrook Fair''.