An difríocht idir athruithe ar: "Maolmhaodhóg Ó Morgair"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: eu:Malakias Armaghekoa
Peadarx (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:St. Malachy.jpg|deas|thumb|Naomh Maelmhaedhoc Ó Morgair]]
Ba naomh [[Caitliceach]] é '''Maelmhaedhoc Ó Morgair''' [[1094]] – [[2 Samhain]] [[1148]]). Rugadh in [[Ard Mhacha]] in [[Éire]] é agus fuair sé bás i [[Clairvaux]], [[an Fhrainc]]. Sríobh an ab [[Cistéirsigh|Cistéirseach]] Naomh [[Bernard de Clairvaux]] a bheatha.
 
De réir Bernard, shíolraigh Maelmhaedhoc ón uasaicme, ach níl eolas níos cruinne ná sin ar a chlann. Fuair sé oideachas manachiúl agus oirníodh ina shagart é ag Ceallach Naofa, Easpag Ard Mhacha, i 1119. Rinne sé sain-staidéar ar dhiagacht agus liotúirge i Mainistir Lios Mhóir i bPort Láirge ina dhiaidh sin faoi Mhalchus Naofa. I 1123, thogadh é ina ab ar Bheannchar agus an bliain ina dhiaidh sin ina eapag ar Dhún. Tar éis bhás Ceallach i 1129, thogadh é ina easpag ar Ard Mhacha, ach ní raibh sé i ndán dul ann toisc go raibh muintir Cheallach, Clann Siniaich, i gcumhacht ar an deoise. Bhí suíomh Chomharba Phádraig (mar a chuirtear ar Easpag Ard Mhacha ag an am) i lámha Chlainn Shiniaigh ar feadh níos mó ná dhá chead bhliain agus ní raibh sé éasca iad a bhriseadh as. Ghlac sé Ard Mhacha i 1132 agus chuaigh sé i mbun atheagar a chuir ar chúrsaí eaglasta.
 
I 1137, d'éirigh sé as mar Easpag Ard Mhacha, ach bhí fós mar Easpag an Dhúin. Thóg sé na Canóinigh Agaistíneacha isteach ina dheoise agus rinne sé cuairt ar an Róimh i 1137. Stop sé i gClairvaux ar bhealach agus d'éirigh cairdeas idir é agus Bernard. Chinn sé air féin na Cistéirsigh a thabhairt go Éireann. D'iarr sé ar an Pápa Innocentius II é a scaoileadh mar easpag chun é a ligint filleadh ar Chlairvaux mar mhanach. Níor thug an Pápa an cead sin agus cheap sé Maelmhaedhoc mar leagáid aige in Éirinn. Thóg sé cúigear manach ó Chlairvaux ar ais leis leis An Manaistir Mór a chur ar bhun i Co an Lú i 1142.
 
Chuaigh sé ar an dara aistear aige chun na Róimhe i 1148. Ag an bpointe seo, fuair sé bás i gClairvaux. Cuirtear Bernard in éineacht leis nuair a fuair sé féin bás cúpla bliain dá chionn. Deirtear nach féidir na cnámha acu a scaireadh óna gcéile.
 
Chanóinigh an Pápa Innocentius III Maelmhaedhoc ar 6 Iúil 1199. Ba é an chéad Éireannach a bhí canóinithe ag Pápa.
 
Cuireadh inár leith go raibh Maelmhaedhoc freagracht as faidheacht mar gheall ar Pápaí sa thodhchaí go dtí an lá inniu fiú, ach níl fiannaise uathu go dtí dá chéad bhliain tar éis bás dó.
 
{{síol}}