An difríocht idir athruithe ar: "Béal Feirste"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 91:
Tá seirbhísí mhaith traen sa cheantar fosta, ag nascadh na príomhchathrach le [[Doire]], [[Carraig Fearghus|Carraig Fhearghuis]], [[Iúr Cinn Trá]] (agus ó shin ag trasnú na teorainne go [[Baile Átha Cliath]] sa [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]]) agus [[Beannchar]]. Péitear líne úr fá thalamh i dtólan idir Tuaisceart Éireann agus [[Albain]] le fada, ach chan fhuil spéis don tionscadal léirithe go ginearálta i measc na bpoiliteoirí.
 
Tá dhá aerfort suite cóngarach don chathair; is iad [[Aerfort George Best Chathair Bhéal Feirste George Best]] (in oirthear na cathrach) agus [[Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste]] atá mar phríomhaerfort Thuaisceart Éireann (suite idir [[Croimghlinn]] agus baile [[Aontroim|Aontroma]] i ndeisceart [[Contae Aontroma|Chontae Aontroma]]. Téann busanna ar bhun rialta síos go hAerfort Bhaile Cliath, ag imeacht ó lár na cathrach.
 
Is ar na bóithre a bhíonn an brú is mó ó thaobh chúrsaí iompair de, go háirid ar maidin agus um tráthnóna i rith na seachtaine. Níl Béal Feirste cosúil leis an chuid is mó de chathracha móra [[An Eoraip|Eorpacha]] sa dóigh is nach bhfuil cuarbhóthar ar ard-chaighdeán ann. Tá saghas seachbhóthar ann, an [[A55 (Tuaisceart Éireann)|A55]], ach amháin ar chaighdeán íseal, go háirithe dtuaisceart agus in iarthar na cathrach, áit a leann sé seanbhóithre a bhí ann cheanna féin. Ina áit sin, leanann na piomhbhealaigh uilig chuig lár an bhaile, rud a chuireann strus ar an infastructúr. Cuireadh tús leis na mótarbhealaigh sna 1960aidí. Cuireadh deireadh leo i 1972, nuair a ghlac Rialtas [[Westminster]] seilbh ar chúrsaí iompair sa réigiún. I dtosach bhí sé ar intinn ag Rialtas [[Stormont]] thart fá 10 gcúrsa a fheabhsú thart fá'n chathair. Char éirigh leo ach 3 chinn a chur i gcríoch.