An difríocht idir athruithe ar: "Carbón"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ckb:كاربۆن
Líne 24:
Tá a leithéid d'allatróp ann fós agus lonsdaeilít, nó diamant heicseagánach. Tá struchtúr heicseagánach ag an lonsdaeilít, cosúil leis an ngraifít, ach tá sí crua, cosúil leis an diamant. Na heisimil den lonsdaeilít a ndearnadh taighde orthu, ní raibh siad chomh crua leis an diamant, ach creidtear go raibh na samplaí seo truaillithe ag substaintí coimhthíocha, agus go bhféadfadh lonsdaeilít ghlan an diamant féin a shárú ar a chruacht.
[[Íomhá:Eight Allotropes of Carbon.png|thumb|350px|right|Roinnt foirmeacha éagsúla allatrópacha atá ag an gcarbón: a) an diamant; b) an ghraifít; c) an lonsdaeilít; d–f) na fullairéiní; (C60 nó "millín Bucky", C540, C70); g) carbón dímhorfach; h) nainfheadán carbóin.]]
=== Na Fullairéinífullairéiní ===
 
Le déanaí, d'éirigh leis na heolaithe [[Allatrópacht|allatróip]] nua charbóin a shintéisiú sna saotharlanna ina mbíonn na hadaimh charbóin curtha le chéile i móilíní ar déanamh tríthoiseeach éigin, siméadrach go minic. Tugtar [[fullairéiní]] ar na [[móilín]]í seo, nó nuair a cruthaíodh na chéad mhóilíní den chineál seo timpeall ar an mbliain 1985, bhí na ceimiceoirí den bharúil go raibh siad cosúil le foirgnimh an ailtire nua-aimseartha Mheiriceánaigh [[Richard Buckminster Fuller]]. Is é "millín Bucky" an fhullairéin is cáiliúla, b'fhéidir - go bunúsach, móilín ar déanamh liathróide atá ann, agus trí scór adamh carbóin i ngach liathróid den chineál seo.