An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 16:
[[Image:DNA Overview2.png|thumb|deas|140px|upright|[[DNA]], móilín na hoidhreachta. Slabhra núicléitídí is ea gach dual de DNA, agus an dá dhual ag freagairt dá chéile sa lár mar chéimeanna ar dhréimire casta.]]
 
===Géineolaíocht chlasaiceach agus Mendelach===
Cé gur thosaigh eolaíocht na géineolaíochta leis an obair fheidhmeach agus theoiriciúil a chur Gregor Mendel i bhfeidhm i lár an 19ú haois, cuireadh teoiricí eile chun cinn roimhe . I rith am Mhendel, bhí tóir ar choincheap na [[oidhreacht chóimheasctha|hoidhreachta cóimheasctha]] : an smaoineamh go bhfaigheann daoine le hoidhreacht meascán de tréithe óna dtuismitheoirí. Bhréagnaigh obair Mhendel é seo, mar gur léirigh sé go bhfuil tréithe comhdhéanta de teaglaim de ghéinte seachas cumasc leanúnach . Bhí roinnt tacaíochta ag teoirice eile, ag an am sin, sé sin [[oidhreachtúlacht na dtréith fáltais]]: an tuairim go bhfuil na tréithe a bhi neartaithe ag a gcuid tuismitheoirí faighte le hoidhreacht ag an duine. Tá sé faighte amach anois go bhfuil an teoiric (a bhaineann go coitianta le Jean-Baptiste Lamarck) seo mícheart- níl tionchar ar bith ar thaithí na dtuismitheoirí ar na géinte a bhfaigheann a gcuid páistí. I measc teoirice eile bhí an [[painghineas]] de chuid [[Charles Darwin]] (in a raibh gnéithe fhaighte agus ó oidhreacht ann) agus an painghineas athfhoirmithe ag [[Francis Galton]] mar cáithníneach agus oidhreacht araon.
 
D’eascair an ghéineolaíocht ó obair [[Gregor Johann Mendel]], eolaí agus [[Agaistíneach]] a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an ''Naturforschender Verein'' (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaticiúil. <ref>Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html</ref> Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.
 
Níor tháinig eolaithe eile ar shaothar Mendel go dtí na 1890í agus iad ag déanamh taighde den saghas céanna. Ba é [[William Bateson]], duine de lucht leanúna Mendel, a chum an focal ''genetics'' sa bhliain 1905.<ref>genetics, ''n.'', [[Oxford English Dictionary]], 3rd ed.</ref><ref>http://www.jic.ac.uk/corporate/about/bateson.htm: Letter from William Bateson to Alan Sedgwick in 1905. The John Innes Centre.</ref> (Tháinig ''genetic'' mar aidiacht roimh an ainmfhocal agus baineadh den fhocal Gréigise ''genesis''—γένεσις ("bunús") é. Úsáideadh é den chéad uair i gciall bhitheolaíoch sa bhliain 1860.) Ba é Bateson a chuir an focal ''genetics'' i mbéal an phobail agus é ag tabhairt cainte i láthair an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Hibridiú Plandaí i [[Londain]] sa bhliain 1906.<ref>Bateson, W.. ‘The Progress of Genetic Research,’ Wilks, W. (eag.), ''Report of the Third 1906 International Conference on Genetics: Hybridization (the cross-breeding of genera or species), the cross-breeding of varieties, and general plant breeding''. Royal Horticultural Society, London, 1907.</ref>
 
Thosaigh eolaithe ag obair faoi anáil Mendel agus iad ag iarraidh teacht ar na móilíní sa chill a bhí freagrach as oidhreacht. Sa bhliain 1910 mhaígh [[Thomas Hunt Morgan]] go bhfuil géinte ar chrómasóim agus é ag cuimhneamh ar shóchán súile báine a bhain le gnéas i gcuileanna torthaí ([[Drosophila melanogaster]]).<ref>Moore, John A.. ‘Thomas Hunt Morgan—The Geneticist,’ ''Integrative and Comparative Biology'', Volume 23, Issue 4, 1983, lch 855</ref> Sa bhliain 1913 bhain a dhalta [[Alfred Sturtevant]] feidhm as an [[nascadh géiniteach]] chun a thaispeáint go bhfuil géinte cóirithe ina línte ar an gcrómasóm.<ref>Sturtevant, A.H. (1913). ‘The linear arrangement of six sex-linked factors in Drosophila, as shown by their mode of association,’ ''Journal of Experimental Biology'', Volume 14, lgh 43–59: http://www.esp.org/foundations/genetics/classical/holdings/s/ahs-13.pdf</ref>
 
== Réimsí taighde ==